Agus do ṫuit Ioab ar a aġaiḋ go taluṁ, agus do ċláon é féin, agus rug buiḋeaċus ris an ríġ: agus a duḃairt Ióab, A niuġ aiṫniġiḋ do ṡearḃḟoġantuíġ go ḃfuáir mé grása ann do raḋarc, a ṫiġearna, mo ríġ, do ḃríġ gur ċoiṁlíon an ríġ íarratus a ṡearḃḟoġantuiġ.
Agus do ċúadar an pobal uile anonn tar Iordan. Agus a nuáir ṫáinic an ríġ a nail, do ṗóg an ríġ Barsillai, agus do ḃeannuiġ é; agus dfill sé ḋá áit féin.
Ann sin do ċuir Toi a ṁac Ioram ċum Dáiḃi ríġ, do ċur fáilte roiṁe, agus dá ḃeannuġaḋ, tré mar do ṫroid se a naġaiḋ Hadadeser, agus mar do ċlaóiḋ sé é: (óir do ḃí cogaḋ ag Hadadeser re Toi.) Agus ṫug Ióram soiġṫiġe airgid, agus soiġṫiġe óir, agus soiġṫiġe práis leis:
Agus tuiheaṁ oile, ṫangadar serḃísiġ an ríġ do ḃeannuġaḋ ar ttiġearna Dáiḃi ríġ, ġa ráḋ, Go ndearna Día ainm Ṡolaiṁ níos féarr ná hainmsi, agus go ndéarna sé a ċaṫóir níos mo ná do ċaṫaóir. Agus do ċlaon an ríġ é féin ar a leabuiḋ.
Ar a noċdṁaḋ lá do ċuir sé an pobal ar siuḃal: agus do ḃeannuiġeadar an ríġ, agus do ċúadar da lóistíniḃ go súgaċ agus go lúaṫġáireaċ a ccroiḋe ar son gaċ uile ṁaiṫeasa dá ndéarna an TIĠEARNA ar son Ḋáiḃi a ṡearḃḟoġantuiġ, agus ar son a ṗobail Israel.
Ann sin a duḃairt sé ré Gehasi, criosluiġ do ċáol, agus glac mo ḃatasa ann do láiṁ, agus imṫiġ roṁad: má ṫeagṁann éanduine riot, na beannuiġ ḋó; agus má ḃeannuiġionn éanduine ḋuit, na freagair é a rís: agus leag mo ḃata ar aġaiḋ an leiniṁ.
Agus ar mbeiṫ ag iṫe bíḋ ḋóiḃ, do ġlac Iósa arán, agus tar éis a ḃeannuiġṫi, do ḃris, agus tug sé ḋá ḋéisciobluiḃ é, agus a duḃairt sé, Glacuiḋ, iṫiḋ; a sé so mo ċorpsa.
Agus ar ngaḃáil a nárain ċuíge, ar mbreiṫ huiḋeaċais dó, do ḃris, agus tug sé ḋóiḃsean é, ag ráḋ, A sé so mo ċorpsa do ḃearṫar áir ḃur sonsa: déanuiḋ so mar ċuiṁne oramsa.
¶ Agus do ḃeannuiġ Eli Elcanah agus a ḃean, agus a duḃairt, Go ttuga Día slioċd duitsi ris an mnaói si ar son a níasaiċd tugaḋ don TIĠEARNA. Agus do ċúadar dá náit féin.