Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 47:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Atá críoċ na Hégipte as do ċoinne; ann sa ċuid is féarr don tír cuir haṫair agus do ḋearḃraiṫre na gcoṁnuiġe; áitreaḃaidis a ḃfearann Gosen: agus más aiṫne ḋuit aonduine cumusaċ na measg, ann sin deana uaċdarán díoḃ os cionn máirnéisi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 47:6
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṫóg Lot a ṡuile súas, agus do ċonnairc réiteaċ Jordan uile, go raiḃ uisge go maiṫ an gaċ éun taoḃ, suil do scrios an TIĠEARNA Sodom agus Gomorrah, eaḋon aṁuil gáirdin TIĠEARNA, cosṁuil re talaṁ na Héigipte, mar ṫig tú go Soar:


Naċ bfuil an duṫaiġ uile roṁad? guíḋim ṫú, dealuiġ ṫu fein riomsa: ma áil leat gaḃ don láiṁ ċle, ann sin geaḃa misi don láiṁ ḋeis: nó ma ṫéid tú don láiṁ ḋeis, ann sin raċa misi don láiṁ ċlé.


Agus a duḃairt Abimeleċ, Féuċ, atá mo ḋuṫaiġ as do ċoinne: coṁnuiġ sa náit is fearr ċítear ḋuit.


Agus áiteoċṫáoi nar ḃfoċair: agus biáiḋ an talaṁ ar ḃar gcuinne: coṁnuiġiḋ agus malairtiġiḋ ann, agus faġaiḋ sealḃa ḋíḃ féin ann.


Agus áitreoċuiḋ tú a ḃfearann Gosen, agus biáiḋ tú láiṁ riomsa, ṫú féin agus do ċlann, agus clann do ċloinne, agus do ṫréada, agus healḃaḋa, agus gaċ uile ní ḃus leaċd:


A bruiḋsi do bí ceird do ṡerḃíseaċ ḃeiṫ timċioll áirnési ó ar nóige go ttí a nois, sinn féin aráon agus ar naiṫre, ionnus go náitreoċṫaoi a ḃféarann Gosen: óir is gráineaṁlaċd a nuile ṫréaduiġe cáoraċ ag na Hégiptiḃ.


Agus do áitiġ Ioseṗ a aṫair agus a ḋearḃráiṫré, agus tug sealḃ ḋóiḃ a ccríċ na Hégipte, san ċuid do ḃféarr don dúṫaiġ, a bfearann Rameses, mar do aiṫin Ṗárao ḋe.


Agus a duḃairt Ioseṗ, Tugaiḋ ḃur náirnéis uáiḃ agus do ḃéura misi ḋíḃ ar son ḃur náirnéisi, má dfailliḋ an tairgead oruiḃ.


A duḃradursan fós re Ṗárao, Is do ċoṁnuiḋe san ḃfearann do ṫangamar; óir ní ḃfuil féur ag ad ṡerḃíseaċuiḃ ḋá náirnéis, óír atá an ġorta go trom a ttír Ċanaaín; a nois dá ḃriġ sin, iarrmaoid daṫċuinge ort, taḃair áitreaḃ dot ṡerḃiseaċuiḃ a ḃfearann Gosen.


Agus do laḃair Ṗárao ré Ióseṗ, ag raḋ, Tangadur haṫair agus do ḋearḃraiṫre ċugad.


Agus do ḃí an duine sin Ieroboam na ḋuine arraċdaċ a ngaisgiḋe: agus mar do ċonnairc Solaṁ go raiḃ an tógánaċ tionnscantaċ, do rinne sé úaċdaran de ós cionn ċúruim ṫiġe Ióseṗ uile.


Mar an gcéadna do rinne sé tuir annsa díoṫraṁ, agus do ṫocuil sé mórán tobar: óir do ḃí iomarcuiḋ áirnéise aige, san tír íoċdaruiġ aráon, agus annsna réitiḃ: luċd tiġeaduis mar an ccéadna, agus luċd déanta fíneaṁna annsna sléiḃtiḃ, agus ann Carmel: óir dob ionṁuin leis tiġeaḋus.


Os a ċionn so; gléasfa tú as an bpobál uile dáoine acfuinneaċa, drong ar a mbí eagla Dé; dáoiné fírinneaċa, ḟuaṫuiġeas saint; agus cuir ós a ccionn íad, uaċdarain mileaḋ, uaċdarain céad, uaċdarain cáogad, agus uaċdaráin deiṫneaṁuir:


Agus do ṫoġ Maóise dáoine iomċuḃuiḋ as Israel uile, agus do rinne sé naċdaráin díoḃ ós cionn an ṗobuil, uaċdaráin mileaḋ, naċdaráin ċéad, uaċdaráin ċaoġad, agus uaċdarain ḋeiṫneaṁuir.


Agus do ġlacadar luáiṫ na fuirnéise, agus do ṡeasádar a laṫair Ṗáraó: agus do ċroiṫ Maóise súas é ċum niṁe; agus do rinneaḋ bolgaċ ḋe ag briseaḋ amaċ a léasaċ ar ḋuine, agus ar ainṁiḋe.


Agus an té ag naċ raiḃ suim a mbreiṫir an TIĠEARNA, do ḟág a ṡerḃísiġ, agus a airnéis ar an maċaire.


A ta croiḋe an ríġ an láiṁ an TIĠEARNA, már na sroṫa uisge: iompoiġiḋ sé é giḋ bé áit a ttogrann féin.


An ḃfáicionn tú dúine díṫċiollaċ iona ġnoṫuiġiḃ? seasfuiḋ sé a laṫair ríoġ; ní a laṫair ḋaoine uirísiol ṡeasfas sé.


Agus ánois, féuċ, scaoilimse ṫú a niuġ ó na slaḃraḋuiḃ noċ do ḃí air do láiṁ. Má ċítear ḋuit féin teaċt liom don Ḃabilóin, tárr; agus féuċfa misi go maiṫ ḋuit: aċd muna ḃfaicṫear ḋuit teaċd don Ḃabilóin, fan: féuċ, atá an tír uile roṁad: giḋ be áit is féarr agus is iomċuḃaiġ iona ḃfaicfiġear ḋuit dul, éiriġ ann.


Aṁail as do ṫug tú cúṁaċda ḋósan air gaċ uile ḟeóil, do ċum go dtioḃraḋ sé an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ do gaċ uile ḋuine ḋá dtug tú ḋó.


Anois do ḃí duine áiriġ do ṁuinntir Ṡauil annsin an lásin, ar na ċongṁáil a laṫair an TIĠEARNA; agus a sé dob ainm ḋó Doeg, Edomíteaċ, ceann na náoḋuireaḋ do ḃí ag Sául.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ