Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 47:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 A duḃradursan fós re Ṗárao, Is do ċoṁnuiḋe san ḃfearann do ṫangamar; óir ní ḃfuil féur ag ad ṡerḃíseaċuiḃ ḋá náirnéis, óír atá an ġorta go trom a ttír Ċanaaín; a nois dá ḃriġ sin, iarrmaoid daṫċuinge ort, taḃair áitreaḃ dot ṡerḃiseaċuiḃ a ḃfearann Gosen.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 47:4
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí gorta ann sa tir: agus do ċúaiḋ Abram síos don Egipt do ċoṁnúiġe ann sin; óir do ḃí an ġorta doilġeasaċ sa talaṁ.


Agus a duḃairt ré Abram, Bíoḋ a ḟios agad go dearḃṫa go mbiáiḋ do ṡiol na coiṁiġṫeaċa a ndúṫaiġ naċ léo féin, agus do ḋéanuid seirḃis dóiḃ; agus go mbéid a ndáoirse aca ceiṫre ċead blíaġan;


Agus do ḃí an ġorta go ro ṁór sa tir.


Agus áitreoċuiḋ tú a ḃfearann Gosen, agus biáiḋ tú láiṁ riomsa, ṫú féin agus do ċlann, agus clann do ċloinne, agus do ṫréada, agus healḃaḋa, agus gaċ uile ní ḃus leaċd:


A bruiḋsi do bí ceird do ṡerḃíseaċ ḃeiṫ timċioll áirnési ó ar nóige go ttí a nois, sinn féin aráon agus ar naiṫre, ionnus go náitreoċṫaoi a ḃféarann Gosen: óir is gráineaṁlaċd a nuile ṫréaduiġe cáoraċ ag na Hégiptiḃ.


Agus do laḃair Ṗárao ré Ióseṗ, ag raḋ, Tangadur haṫair agus do ḋearḃraiṫre ċugad.


Agus do ċúaiḋ Israel don Négipt; agus do ċoṁnuiḋ Iácob a ttalaṁ Ċam.


Oír is mar so a deir an Tiġearna DIA, Do ċuáiḋ mo ṗobal síos don Négipte roiṁe so do ċoṁnuiġe ann; agus do ḃrúiġ an Tassírianaċ íad gan aḋḃar.


Agus táinig gorta go tír na Héigipte agus Ċánaan uile, agus aṁgur ṁór: ionnus náċ ḃfúaradar ar naiṫreaċa beaṫa.


Aċd do laḃair Día mar so, Bíaiḋ do ṡíolsa na náitreaḃaiḋ a dtír ċoiṁiġṫe; mar a ccoineóċar íad fá ḋáoirse, agus fá leaṫtrom ceiṫre ċéud blíaḋan.


Agus laiḃéora tusa agus déara tú a ḃfiaḋnuisi do ṪIĠEARNA Dé, Do ḃí maṫair na Ṡírianaċ réiḋ ċum dul a seaċad, agus do ċuáiḋ sé síos don Négipt, agus do rinne cuáirt ann sin le beagán muintire, agus ṫáinic annsin ċum ḃeiṫ na ċineaḋ ṁór, ċuṁaċdaċ, ḋaóineaċ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ