30 Aċ luidfiḋ me a ḃfoċair mo aiṫreaċ, agus béura tusa leaċd mé as a Négipt, agus aḋluic mé a náit a naḋlaicṫesion. Agus a duḃairt seision, Do ḋéana mé mar a duḃairt tú.
Agus maġ Eṗroin, noċ do ḃí a Maċpelah, as coṁair Ṁamre, an maġ, agus a nuaiṁ do ḃí ann sin, agus a nuile ċrann do ḃí san ṁaċaire, noċ do ḃí ann sna teórannuiḃ fá ccuairt, do rinneaḋ daingean íad
Agus do ṫiomun Isáac a spiorad suas, agus fúair bás, agus do cruinniġeaḋ ċum a ḋaóine é, ar mbeiṫ foirfe lán dáois dó: agus do aḋlaiceadur a ċlann Esau agus Iácob é.
Fílleaḋ do ṡerḃíseaċ, guíḋim ṫú, go ḃtuiġe mé bás am ċaṫair féin, agus go naḋlaicṫear mé a nuaiḋ maṫar agus mo ṁaṫar. Aċd féuċ do ṡerḃíseaċ Ċimam; eirġeaḋ sé anonn lé mo ṫiġearna an ríġ; agus déana ris mar do ċiṫear ḋuit féin.
¶ Agus do ṫógḃadar leó Asahel, agus do aḋlaiceadar é a ttúama a aṫar noċ do ḃí a Mbet‐lehem. Agus dimṫiġ Ióab agus a ṁuinntir ar feaḋ na hoiḋċe, agus tangadar go Hébron ag éirġe laé.
Aċt go ttáinic tú ar hais, agus go nduáiġ tú arán agus gur iḃ tú uisge annsa náit, a ttaoḃ a nduḃairt an TIĠEARNA riot, Ná hiṫ arán, agus ná hiḃ uisge; ní ṫiucfuiḋ do ċorp go huáiġ haiṫreaḋ.
Agus a duḃairt mé ris an ríġ, Go mairiḋ an ríġ go bráṫ: cred as naċ bíaḋ mo ġnúis duḃaċ, a nuáir go ḃfuil an ċaṫair, áit aḋlaicṫe maiṫreaḋ, fásḟoluṁ, agus a geataḋa loisge le teine?
Agus a duḃairt mé ris an ríġ, Más toil ris an ríġ, agus má fuair do ṡerḃíseaċ faḃar ad raḋarc, go maḋ toil leaċd misi do ċur go Iúdah, go caṫruiġ aḋlaicte maiṫreaḋ, iondus go ccuirte mé súas í.
¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Féuċ, coideoluiḋ tú a ḃfoċair haiṫreaḋ; agus éireoċuiḋ an pobalsa, agus raċuid do stríapaċus a ndiáiġ dée gcoiṁiḋeaċ na tíre, a ḃfuilid síad ag dul na measc, agus tréigfid misi, agus ḃrisfid mo ċunraḋ noċ do rinne mé ríu.