23 Ann sin a duḃairt Ióseṗ ris an bpobal, Féuċuiġ, do ċeannuiġ mé a niuġ siḃ féin agus ḃur ḃfearann do Ṗárao; féuċuiḋ, ag sin síol aguiḃ, agus cuirfíḋe an fearann.
Agus na seaċd mbaṫ tana gránna ṫáinic a nsíos na ndiáiġ, seaċd mblíaḋna íad; agus na seaċd ndíasa folṁa, buáilte on ngáoiṫ a nsoir, buḋ séaċd mbliaḋna gorta íad.
Aṁáín fearann na sagart níor ċeannuiġ sé é, óir do fúaradar na sagairt coṁroinn ó Ṗárao, agus a dúadur a ccoṁroinn noċ tug Ṗáraó ḋóiḃ; uime sin níor reacadur a ḃfearann.
Agús tiucfaiḋ a ccríċ ann sa mbiseaċ, go ttiuḃarṫáoi an cúigeaḋ cuid do Ṗárao, agus biaiḋ ċeiṫre ċuid aguiḃ féin, ċum síl a nfearainn, agus ċum ḃur mbeaṫa, agus do ṁuinntir ḃur ttiġe, agus mar ḃeaṫa dá ḃur leanbuiḃ.
Oír fa mar ṫig a nfearṫuinn a núas, agus an sneaċta ó neaṁ, agus naċ ḃfilleann annsin, aċd go ḃflinċann an talaṁ, agus go ttaḃair air gineaṁ agus fás, ċor go ttiuḃraḋ sé síol don tsíoladóir, agus arán don té íosas é:
Agus an tí do ḃeir síol don tsioladóir agus arán ċum beaṫa, go dtuguiḋ agus go méuduiġe sé ḃur síolċursa, agus go dtuguiḋ sé dó ṫorṫuiḃ ḃur ḃfiréuntaċda fás;)