22 Aṁáín fearann na sagart níor ċeannuiġ sé é, óir do fúaradar na sagairt coṁroinn ó Ṗárao, agus a dúadur a ccoṁroinn noċ tug Ṗáraó ḋóiḃ; uime sin níor reacadur a ḃfearann.
Agus do ġoir Ṗárao mar ainm do Ióseṗ Saṗnat-Ṗaaneah, agus tug sé mar ṁnáoi ḋó Asénat inġean Ṗotiṗerah sagart On: agus do ċuáiḋ Ióseṗ amaċ ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile.
Ann sin a duḃairt Ióseṗ ris an bpobal, Féuċuiġ, do ċeannuiġ mé a niuġ siḃ féin agus ḃur ḃfearann do Ṗárao; féuċuiḋ, ag sin síol aguiḃ, agus cuirfíḋe an fearann.
Agus do rinne Ióseṗ sin na ḋliġeaḋ ar feaḋ ċríċe na Hégipte gus a niuġ, go ḃfuiġe Ṗárao an cúigeaḋ cuid; aċd aṁáin fearann na sagart, noċ naċ ráinic ċum Ṗárao.
Mar an ccéadna deiṁniġeamíd daóiḃse, a ttáoḃ éanduine do na sagartuiḃ agus do na Leḃitiḃ, do na cantairiġiḃ, do na doirseóiriġiḃ, do na Netinimiġ, nó seirḃísiġ ṫiġe Dé, naċ Luḋ dliġṫeaċ cáin, duiḃċíos, nó custum, do ċur orra.
¶ Agus do ṫuig mé naċ ttug ṫaoi cuid ronna na Leḃíteaċ ḋóiḃ: óir na Leḃítiġ agus an luċd ceóil do rinne a nobair, do ṫeiṫeadar gaċ áon aca dá ṁaċaire féin.
A né náċ ḃfuil a ḟios aguiḃ an dream ṡaoṫruiġeas a dtimċeall na neiṫeann náoṁṫa go níṫid síad do neiṫiḃ an teampoill? agus an dream ḃíos do ġnáṫ ag friṫeólaḋ na haltóra go ḃfaġaid cuid ranna don naltóir?