13 Agus ní raiḃ arán ar biṫ san tír uile; óir do ḃí an ġorta ro ṫrom, ionnus gur hanḃfainneaċ críoċ na Hégipte, agus tír Ċánaain uile do ḃríġ na gorta.
Agus biáiḋ an lónn sin na stór ag an talaṁ a noirċill ṡeaċd mbliaḋna gorta, noċ ḃias a ttalaṁ na Hégipte; ionnus naċ aidṁillfiḋ an talaṁ tríd an ngórta sin.
Agus a duḃairt Ahab ré Obadiah, Imṫiġ fan tir, go nuige gaċ áon tobar uisge, agus go nuige gaċ aḃuinn: do bféidir go ḃfaġmaois féur do ċoinneoċaḋ ar neiċ agus ar múilliḋe béo, go naċ ccaillfeamois ar náirnéis uile.
¶ Cía hé an duine críonna, do ṫuigfioḋ so? agus re ar laḃair béul an TIĠEARNA, ċor go ḃfoillseoċaḋ é, cred ar son a milltear an tír agus a loiscṫear í aṁuil fásaċ, naċ ḃféadann neaċ gaḃáil ṫríd?