11 Agus do áitiġ Ioseṗ a aṫair agus a ḋearḃráiṫré, agus tug sealḃ ḋóiḃ a ccríċ na Hégipte, san ċuid do ḃféarr don dúṫaiġ, a bfearann Rameses, mar do aiṫin Ṗárao ḋe.
A bruiḋsi do bí ceird do ṡerḃíseaċ ḃeiṫ timċioll áirnési ó ar nóige go ttí a nois, sinn féin aráon agus ar naiṫre, ionnus go náitreoċṫaoi a ḃféarann Gosen: óir is gráineaṁlaċd a nuile ṫréaduiġe cáoraċ ag na Hégiptiḃ.
Agus do ḃí Israel na ċoṁnuiġe a gcríċ na Hégipte, a ḃfearann Gosen; agus do ḃádur ṡealḃa dúṫaiġ aca ann sin, agus do ḟásadur, agus do lionadur go hiomadaṁuil.
Atá críoċ na Hégipte as do ċoinne; ann sa ċuid is féarr don tír cuir haṫair agus do ḋearḃraiṫre na gcoṁnuiġe; áitreaḃaidis a ḃfearann Gosen: agus más aiṫne ḋuit aonduine cumusaċ na measg, ann sin deana uaċdarán díoḃ os cionn máirnéisi.
Agus do ḟágḃadar Rameses annsa ċéid ṁí, ar an gcúigeaḋ la déug don ċéid ṁí; ar na ṁáraċ déis na cásg do ċúadar clann Israel amaċ le láiṁ áird a raḋarc na Négipteaċ uile.
Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé ris, Giḋ bé ġráḋuiḟeas misi, coiṁeudfuiḋ sé mo ḃriaṫar: agus gráiḋeoċuiḋ Maṫair é, agus tiocfamaóid ċuige, agus do ḋéunam coṁnuiḋe aige.
A Aṫair, is áill leam, an dream úd ṫug tú ḋaṁ, do ḃeiṫ am ḟoċair mar a ḃfuilim; ionnus go ḃfaicfidís mo ġlóir, noċ ṫug tusa ḋaṁ: óir do ġráḋuiġ tú mé suil do ċrúṫuiġeaḋ an doṁan.