Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 46:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus a duḃairt sé, As misi Día, Día haṫar: ná bíoḋ eagla ort dul síos do Négipt; óir do ḋeana misi ann sin díot cineaḋ mór.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 46:3
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḋéuna mé cineaḋ mór ḋíot, agus beannóċuiḋ mé ṫú, agus do ḋeuna mé hainm mór; agus biaiḋ tú ad ḃeannuġaḋ:


Andiaiġ na neiṫeannso táinig briaṫar an TIĠEARNA ċum Abram a dtaisbeanaḋ, ag ráḋ, Ná himeagluiḋ a Abram: is misi do scíaṫ, agus do luáiḋeaċd roṁór.


Agus a duḃairt ré Abram, Bíoḋ a ḟios agad go dearḃṫa go mbiáiḋ do ṡiol na coiṁiġṫeaċa a ndúṫaiġ naċ léo féin, agus do ḋéanuid seirḃis dóiḃ; agus go mbéid a ndáoirse aca ceiṫre ċead blíaġan;


Agus a nuáir do ḃí Abram nóċad agus náoi mbliaḋna dáois, do ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin do Abram, agus a duḃairt ris, Is misi an Día uile ċuṁaċdaċ; siuḃuil am ḟiadnuise agus bí diongṁalta.


O ċítear go ttiucfa Abraham go dearḃṫa ċum ḃeiṫ na ċineaḋ ṁór cuṁaċdaċ, agus go mbéid ciniḋeaċa an doṁuin uile beannuiġe ann san?


A mbeannuġaḋ go mbeannoċad ṫú, agus a méoduġaḋ go méideoċuiḋ mé do ṡíol aṁuil reulta niṁe, agus mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge; agus sealḃoċuid do ṡíol geataiḋe a náṁad.


Agus a duḃairt Día ris, Is misi Día uile ċuṁaċdaċ: bí siolṁar agus foírlíon; tiocfuiḋ cineaḋ agus morán do ċiniḋeaċuiḃ uáid, agus tiocfaid ríġṫe amaċ ód ḟorḋronnuiḃ;


Agus do ḃí Israel na ċoṁnuiġe a gcríċ na Hégipte, a ḃfearann Gosen; agus do ḃádur ṡealḃa dúṫaiġ aca ann sin, agus do ḟásadur, agus do lionadur go hiomadaṁuil.


An taingiol do ḟúasguil mé ó nuile olc, go mbeannuiġe sé na leiniṁ; agus goirṫear mainmsi orra, agus ainm maiṫreaċ Abraham agus Isaac; agus fásáidis na niomadaṁlaċd a meaḋon na talṁan.


Agus do ḋíult a aṫair, agus a duḃaírt, Atá a ḟios agam a ṁic, atá a ḟios agam, agus biaiḋ sé fós mór, aċ go deiṁin buḋ mó a ḋearḃráṫair is óige ná é, agus fásfuiḋ a ṡíol na niomad cineaḋaċ.


Aċ da ṁéid do ṗíanadur iad, as móide do líonadur agus do ḟásadur é. Agus do ḃí doilġios orra tré ċloinn Israel.


Agus a duḃairt Maóise ris an bpobal, Ná bíoḋ eagla oruiḃ, fanuiḋ ḃur seasaṁ, agus féuċuiḋ tárṫáil an TIĠEARNA, noċ ṫaisbéanfás sé ḋíḃ a niuġ; óir na Hégiptiġ do ċoncaḃair a niuġ, ní ḟaicfiḋe íad a rís go bráṫ.


¶ Ná bíoḋ eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigḃríġeaċ: óir is misi do Ḋía: neirteoċuiḋ mé ṫú: fós, cuideoċa mé leaċd; fós, cuinneoċa mé súas ṫú le láiṁ ḋeis mo ċeirt.


Agus do ṁionnuiġ Gedaliah ṁac Ahicam ṁic Saṗan doiḃ féin agus dá muinntír, ġá ráḋ, Na bíoḋ eagla oruiḃ foġnaṁ do na Caldéanaċaiḃ: déanuiḋ coṁnuiġe annsa ttír, agus déanaiḋ seirḃís do ríġ na Babilóine, agus raċaiḋ sé go maiṫ ḋíḃ.


Ag ráḋ, Na bíoḋ eagla ort, a Ṗóil; is éigean duit seasaṁ a laṫair Ṡéasair: agus, féuċ, do ṫioḋlaic Dia ḋuit an ṁéid ṡéolus maille riot.


Agus ar ndrud aimsire na geallaṁna tug Día Ḋábraham maille ré mionnaiḃ, dfás an póbal go híomaduil sa Néigipt,


Do ṁéaduiġ an TIĠEARNA ḃur Ndía siḃsi, agus, féuċuiḋ, atáṫáoi a niuġ mar réulta niṁe ar iomadaṁlaċd.


Do ċuadar haiṫre síos don Négipt maille re deiċ agus trí fiċid pearsa; agus annois do rinne an TIĠEARNA do Ḋía ḋíot mar réulta niṁe ar iomadaṁlaċd.


Agus laiḃéora tusa agus déara tú a ḃfiaḋnuisi do ṪIĠEARNA Dé, Do ḃí maṫair na Ṡírianaċ réiḋ ċum dul a seaċad, agus do ċuáiḋ sé síos don Négipt, agus do rinne cuáirt ann sin le beagán muintire, agus ṫáinic annsin ċum ḃeiṫ na ċineaḋ ṁór, ċuṁaċdaċ, ḋaóineaċ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ