8 Mar sin annois ní siḃsi do ċuir uaiḃ mé áċ Día: agus do rinne sé aṫair ḋíomsa do Ṗárao, agus tiġearna ós cionn a ṫiġ uile, agus úaċdaran ar feaḋ ċriċe na Hégipte uile.
Agus do inniseadur ḋó ag ráḋ; Atá Ióseṗ beó fós, agus isé is uaċdarán ós cionn ċríċe na Hégipte uile. Agus do lagaḋ croiḋe Iácob; óir níor ċreid sé íad.
Agus éaideoċad é lé do róbasa, agus neirteoċad é le do ċriossa, agus do ḃéara mé húaċdaranaċd ann a láiṁ: agus biáiḋ sé mar aṫair ag dúṫċusaiḃ Ierúsalem, agus do ṫiġ Iúdah.
Ní siḃsi do ṫog misi, aċd misi do ṫoġ siḃsi, agus do ċuir mé siḃ, ionnus go nimṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go ḃfanfaḋ ḃur dtoraḋ: ar ċor giḋ bé ní íarrfuiḋe a mainmsi ar a Naṫair, go dtioḃraḋ se ḋiḃ é.
A duḃairt Mícah ris, Fan am ḟoċairsi, agus bí ad aṫair agus ad ṡagart agam, agus do ḃéara mé deiċ secel airgid ḋuit ann sa ḃliaḋuin, agus culaiḋ éaduiġ, agus do ḃíaḋ. Marsin do ċúaiḋ an Leḃiteaċ a steaċ.