Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 45:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Oír as dá ḃlíaḋuin atá an ġorta sa tir: agus atáid fós cúig ḃliaḋna ann naċ bía treaḃaḋ na foġṁar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 45:6
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A síad so geinealuiġ Iácob. Ar mbeiṫ do Ióseṗ seaċd mbliaḋna déag dáois, do ḃí ag inġilt an tréada a ḃfoċair a ḋearḃráiṫreaċ; agus do ḃí an tóganaċ a ḃfoċair ċloinne Bilhah, agus ċloinne Silpah, mná a aṫar: agus tug Ióseṗ a ndroċṫúarusgḃáil ċum a aṫar.


Agus cruinníġedís uile beaṫa na mbliaḋan maiṫ sin do ṫiocfas, agus cuiredís arḃar a dtaisge faói láiṁ Ṗárao, agus cuṁduiġedís beaṫa ann sna caiṫreaċaiḃ.


Agus do ḃí Ióseṗ trioċad bliáḋan dáois a nuáir do ṡeas se a laṫair Ṗárao ríġ na Hégipte: agus do ċuáiḋ Ióseṗ amaċ as fiaġnuisi Ṗárao, agus do ċuaiḋ ar feaḋ críċe na Hégipte.


Agus do críoċnuiġéaḋ na seaċd mbliaḋna tóirṫeaċa do ḃí a ttalaṁ na Hégipte.


Agus do ṫosuiġeadar seaċd mbliaġna na gorta teaċd mar á duḃairt Ióseṗ; agus do ḃí an ġorta ann gaċ uile ṫír; aċ do ḃí arán a ttalaṁ na Hégipte uile.


Agus do ḃí an ġorta ar aġuiḋ na talṁan uile: agus do oscuil Ióseṗ tiġṫe an stórúis uile, agus do reac ris na Hégiptiḃ: agus do ḟás an ġorta go trom á gcríċ na Hégipte.


A nuair do críoċnuíġeaḋ an ḃlíaḋuin sin, tangadur ċuige an dara blíaḋuin, agus a duḃradur ris, Ní ċeilfiom ar mo ṫiġearna, gur caiṫeaḋ ar gcuid airgid, fuáir ar ttiġearna mar an gceadna ar ttréada áirnéise; níor fágḃaḋ éinni aguinn a laṫair ar ttiġearna an aċd ar gcuirp agus ar ḃfearann.


Ann sin a duḃairt Ióseṗ ris an bpobal, Féuċuiġ, do ċeannuiġ mé a niuġ siḃ féin agus ḃur ḃfearann do Ṗárao; féuċuiḋ, ag sin síol aguiḃ, agus cuirfíḋe an fearann.


Sé lá dó ḋéana tú obair, aċd annsa seaċṁaḋ lá do ḋéana tú coṁnuiġ: a naimsir treaḃṫa, agus annsa bḟóġṁar do ḋéana tú suaiṁneas.


Na daiṁ fós agus na hassail óga noċ ṫreaḃus an fearann íosuid beaṫa ġlan, noċ do cáiṫeaḋ leis a tslúasaid agus leis a ccriaṫar.


Agus béuruid seanóiriġe na caiṫreaċ sin an ċolpaċ síos go gleann garḃ, naċ ar treaḃaḋ agus naċ ar cuireaḋ, agus gearrfuid ansin a muineal don ċolpuiḋ ansa ngleann:


Agus óirdeoċuiḋ sé ḋó féin caiptíniġ ós cionn ṁílteaḋ, agus caiptíniġ ós cionn ċáogad, agus cuirfe sé íad do ṡáoṫruġaḋ a ḟearuinn, agus do ḃuáin a ḟoġṁair, agus do ḋéanaṁ a ṫrealaṁ cogaiḋ, agus trealaṁ a ċarbad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ