Annsin do ġaḃadar Midianuiġ ré na ttáoḃ, ceannuiġṫe; agus do ṫairngeadar agus do ṫógḃadar súas Ióseṗ as an bpoll, agus do réacadur Ióseṗ ris na Hismaeliteaċuiḃ ar ḟiċid píosa airgid: agus rugadarsin Ióseṗ do Négipt.
Agus a duḃairt Absolon agus fir Israel uile, As feárr coṁairle Ċusai an Tarċíteaċ ná coṁairle Aċitoṗel. (Oir do órduiġ an TIĠEARNA coṁairle ṁaiṫ Aċitoṗel do ċur air ccúl, ċor go ttiuḃraḋ an TIĠEARNA olc air Absolon.)
Oir má ḃíonn tú a nois ad ṫoċd go huiliḋ, annsin tiucfaiḋ fúasclaḋ agus sáoraḋ air na Iúduiġiḃ as áit oile; aċt scriosfuiġṫear ṫusa agus tiġ haṫar: agus cía agá ḃfuil a ḟios naċ fá na leiṫéid so daimsir ṫáinic tú ċum na rioġaċda?
Agus a duḃairt, Tárnoċd ṫáinic mé amaċ as broinn mo ṁáṫar, agus tárrnoċd ḟillfios mé ann a rís: sé an TIĠEARNA ṫug úaḋ, agus sé an TIĠEARNA rug leis; go maḋ beannuiġ ainm an TIĠEARNA.
¶ Agus do éirġeadar súas ar maidin go moċ, agus do aḋradar a laṫair an TIĠEARNA, agus do ḟilleadar, agus tangadar ḋá ttiġ go Rámah: agus do ḃí Elcanah ag a ṁnaoi Hannah; agus do ċuiṁniġ an TIĠEARNA uirre.