3 Agus a duḃairt Ioseṗ ré na ḋearḃráiṫriḃ, As misi Ioseṗ; an ḃfuil máṫair beó fós? agus níor ḟéadadur a ḋearḃráiṫre freagra do ṫaḃairt air, óir do ḃí buáiḋreaḋ orra tré ḃeiṫ na laṫaír.
Déanam a nois, ar a naḋḃarsin agus marḃam é, agus teilgeam a bpoll éigin é, agus a déaram, Gur ṁarḃ droċḃeiṫeaċ éigin é: agus do ċífeam créud ṫiucfas dá aislingiḃ.
Agus a duḃradur eatorra féin, Atámaoid go deiṁin ciontaċ a ttaoḃ ar ndearḃraṫar, do ḃriġ go ḃfacamar doilġios a anma a nuáir do ġuiḋ sé sinn, agus nar éisdeamar ris; is uime sin ṫáinig an ṁairgse oruinn.
Agus do ḟreagair Reuben íad, dá raḋ, Naċ ar laḃair misi riḃ, dá raḋ; Ná peacuiġiḋ a naġaiḋ an leiniṁ; agus níor éisdeaḃhair rium? ar a naḋḃarsin, féuċuiḋ, mar an cceadna, atá a ḟuil dá leanṁuin oruiḃ.
¶ Agus dóirtfiḋ mé air ṫiġ Ḋáiḃi, agus ar áitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, spiorad na ngrás agus na neadarġuiḋeaḋ; agus féuċfuid orumsa noċ do ṫolladar, agus caóiḋfid air a ṡonsan, mar ċaóiḋios duine ar son a aoínṁic, agus béid siad a ndoilġios air a ṡon, aṁuil mar ḃíos duine a ndoilġios ar son a ċéidġine.
(Oír do ċonncadar uile é, agus do ḃádar ar na mbúaiḋreaḋ.) Agus do laḃair sé ríu ar an mball, agus a duḃairt sé ríu, Bíoḋ meisneaċ maiṫ aguiḃ misi a tá ann, na bíoḋ eagla oruiḃ.
Agus a duḃairt seision, Cía ṫu féin, a Ṫiġearna? Agus a duḃairt an Tiġearna, As mé Iósa ar a ḃfuil tusa ag gérleanṁuin: is crúaiḋ ḋuit ḃeiṫ ag gaḃáil dod ṡálaiḃ a naġaiḋ na ndeilg.
Féuċ, atá sé ag teaċd maílle ré neulluiḃ; agus do ċífiḋ gaċ uile ṡúil é, agus an dream féin do ṫoll é: agus cáoinfid na huile ṫreaḃa na talṁan na ḟíaḋnuise. As aṁluiḋ ḃías, Amén.