Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 45:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Dá gaċ áon aca fa leiṫ tug sé aiṫearraċ culaḋ; aċ do Ḃeniamin tug sé trí ċéad píosa airgid, agus cúig culuiḋeaċa éaduiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 45:22
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġlac seision agus do ċuir míasa bíḋ ċuca ona ḃord féin: giḋeaḋ fá mó oirċeasaċd Ḃeniamin cuig uáire ná cuid áonduiné acasan. Agus doiḃeadar, agus do ḃádur suḃaċ aige.


Agus a duḃairt ríġ na Síria, Gluáis, imṫiġ roṁad, agus cuirfiḋ misi litir ċum ríġ Israel. Agus do ġluáis seision, agus rug leis deiċ ttallunna airgid, agus sé ṁíle píosa óir, agus deiċ naṫarruiġ éaduiġ.


¶ Agus a duḃairt Samson riú, Cuirfé mé toṁus anois oruiḃ: má ḟúasclan siḃ ḋaṁ é go deiṁin táoḃ a stiġ do ṡeaċd lá an nféasta, agus má ġeiḃṫí an ċíall ḟíre, annsin do ḃéara mé tríoċad leíne ḋáoiḃ agus tríoċad culaiḋ éaduiġ:


Agus tugaḋ dá gaċ áon díoḃ fó leiṫ róbuiḋe fada gléiġeala; agus a duḃraḋ ríu, sgur ar feaḋ tamuill ḃig, nó go mbeiṫ uiḃir a gcoiṁṡearḃḟoġantuiġeaḋ agus a ndearḃraiṫreaċ ar na ċoiṁlíonaḋ, noċ do ḃí ré haġuiḋ a marḃṫa mar íadsan.


¶ Agus ṫáinic spiorad an TIĠEARNA air, agus do ċúaiḋ sé síos go Hascelon, agus do ṁarḃ sé tríoċad fear ḋíoḃ, agus do ġlac a néadáil, agus ṫug sé culaiḋ éaduiġ don luċd do ḟúascuil an ċeist. Agus do haḋnaḋ a ḟearg, agus do ċuáiḋ sé súas gó tiġ a aṫar.


Agus do ċuir sé ċum a aṫar ar an moḋ so; deiċ nassail ag iomċur neiṫeann maiṫ na Hégipte, agus deiċ nassáil ḃainniona ag iomċar arḃa agus aráin agus bíḋ dá aṫair ċum na sliġeaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ