Aċd a duḃairt Abram ré Sárai, Féuċ, ata do ċailín ad láiṁ féin; déuna ría mar do ċiṫear ḋuit: agus a nuáir do ṁasluiġ Sárai í, do ṫeiṫ sí as a fiaġnuisi.
¶ Annsin a duḃairt Seres a ḃean agus a ċáirde uile ris, déantar croċ ċáogad cuḃad ar áirde, agus laḃairsi ris an ríġ a maraċ go ccroċfuiḋe Mordecai uirre: an sin éiriġ a steaċ go súgaċ ris an ríġ ċum na fleiḋe. Agus do ṫaitin an ní le Háman; agus ṫug sé fa deara croċ do ḋéanaṁ.
Agus dáontuiġeadar an coṁlúadar uile don ráḋ so: agus do ṫóġadar Steaṗán, fear lán do ċreideaṁ agus don Spíoruid Naoṁ, agus Ṗilip, agus Procórus, agus Nícánor, agus Tímon, agus Parménas, agus Nicolás neaċ ó Aintióċia do ċeanguil é féin don neagluis:
Noċ do ċuaiḋ roṁuiḃ annsa tsliġe, do ṫóġa áite amaċ ḋiḃ ann a suiġeoċaḋ siḃ ḃur lóistíniġ, a tteiniḋ san noiḋċe, do ṫaisbéanaḋ ḋáoiḃ cía an tsliġe ánn a ngéuḃaḋ siḃ, agus a néull san ló.