10 Agus áitreoċuiḋ tú a ḃfearann Gosen, agus biáiḋ tú láiṁ riomsa, ṫú féin agus do ċlann, agus clann do ċloinne, agus do ṫréada, agus healḃaḋa, agus gaċ uile ní ḃus leaċd:
A bruiḋsi do bí ceird do ṡerḃíseaċ ḃeiṫ timċioll áirnési ó ar nóige go ttí a nois, sinn féin aráon agus ar naiṫre, ionnus go náitreoċṫaoi a ḃféarann Gosen: óir is gráineaṁlaċd a nuile ṫréaduiġe cáoraċ ag na Hégiptiḃ.
Ann sin táinic Ioseṗ, agus do innis do Ṗárao, agus a duḃairt, Tángadur máṫair agús mo ḋearḃraiṫre, agus a tréada, agus a nealḃaḋa, agus a ḃfuil aca as tir Ċánaain; agus, féuċ, atáid siád a ḃfearann Gosen.
A duḃradursan fós re Ṗárao, Is do ċoṁnuiḋe san ḃfearann do ṫangamar; óir ní ḃfuil féur ag ad ṡerḃíseaċuiḃ ḋá náirnéis, óír atá an ġorta go trom a ttír Ċanaaín; a nois dá ḃriġ sin, iarrmaoid daṫċuinge ort, taḃair áitreaḃ dot ṡerḃiseaċuiḃ a ḃfearann Gosen.
Atá críoċ na Hégipte as do ċoinne; ann sa ċuid is féarr don tír cuir haṫair agus do ḋearḃraiṫre na gcoṁnuiġe; áitreaḃaidis a ḃfearann Gosen: agus más aiṫne ḋuit aonduine cumusaċ na measg, ann sin deana uaċdarán díoḃ os cionn máirnéisi.
Oír do bé Mordecai an Iúduiġ dob ḟoicse don ríġ Ahasuerus, agus buḋ mór é a measc na Niúdúiġeaḋ, agus geanaṁuil ag iomadaṁlaċd a ḋearḃráiṫeaċ, ag íarruiḋ maiṫeasa dá ḋaóiniḃ, agus ag laḃairt síoṫċána dá ṡlioċd féin uile.
Agus dealóċa mé an lá sin fearann Gosen, a gcoṁnuiġid mo ṗobal, naċ bía áon tsaiṫe ṁíoltóg ann sin; ar ċor go mbía a ḟios agadsa gur misi an TIĠEARNA a ṁeaḋón an doṁuin.
A Aṫair, is áill leam, an dream úd ṫug tú ḋaṁ, do ḃeiṫ am ḟoċair mar a ḃfuilim; ionnus go ḃfaicfidís mo ġlóir, noċ ṫug tusa ḋaṁ: óir do ġráḋuiġ tú mé suil do ċrúṫuiġeaḋ an doṁan.