An ṁéid do ṁarḃadar na beaṫuiġ, ní ṫug mé ċugadsa é, is orum féin do ḃí a ḋul a muġa: as mo láiṁsi do íarr tusa é, má gadaḋ sa ló, nó má ġadaḋ sa noiḋċe é.
Agus go deiṁin ḃur ḃfuil ḃur nanma loirgfe misi; asláiṁ a nuile ḃeaṫuiġ loirgfe mé í, agus as láiṁ an duine; as láiṁ ḋearḃraṫar gaċ duine íarfas mé anam an duine.
Agus a duḃairt an ḃean ó Ṫecoáh ris an ríġ, A ṫiġearna, a ríġ, bíoḋ an peacaḋ ormsa, agus ar ṫiġ maṫar: agus bíoḋ an ríġ agus a ċaṫaóir ríoġa gan ċoir.
An tan a déara misi ris an cciontaċ, Do ġeaḃa tú go deiṁin bás; agus naċ ttiuḃra tusa raḃaḋ ḋó, agus naċ laiḃeora tú do ṫaḃairt raḃaiḋ don ċiontaċ fá na droiċṡliġe, do ṡáḃáil a ánma; éugfuiḋ an droċḋuine sin iona éigceart féin; aċt íarrfa misi a ḟuil as do láiṁsi.
A rís, A nuáir ḟillfios duine fíréunta ó na ḟíréantaċd, agus do ḋéana sé peacaḋ, agus ċuirfeas misi ceap tuisliġ roiṁe, do ġeaḃa sé bás: do ḃríġ naċ ttug tusa raḃaḋ ḋó, ġeaḃa sé bás iona ṗeacaḋ, agus ní cuiṁneoċṫar a ḟiréantaċt noċ do rinne sé; aċt íarrfa mé a ḟuil as do láiṁse.
Aċt má ċí an fear faire an cloiḋeaṁ ag teaċt, agus naċ séidfiḋ sé an stoc, agus naċ ttiuḃarṫar raḃaḋ don ṗobal; má ṫig an cloiḋeaṁ, agus go mbéara pearsa ar biṫ leis as a measc, do rugaḋ ar siuḃal é íona éicceart; aċt iarrfa mé a ḟuil as láiṁ a nfir faire.
An tan déaras mé ris an cciontaċ, A ḋroċ ḋuine, do ġeabba tú bás go deiṁin; muna laḃra tusa do ṫoirmiosg an ċiontuiġ ó na ṡliġe, do ġeaḃa an ciontaċ sin bás iona éigceart; aċt iarrfa misi a ḟuil as do láiṁsi.