Cuiriḋ duine aguiḃ ar siuḃal, agus tugaḋ sé ḃur ndearḃraṫaír leis, agus coinneoċṫar siḃsi a bpríosún, nó go ndearbṫar ḃur mbríaṫra, an ḃfuil fírinne ionnuiḃ: nó dar anum Ṗárao, go dearḃṫa is luċd braṫa siḃ.
Agus tugaiḋ ḃur ndearḃráṫair is óige ċugamsa: annsin aiṫeónus mé naċ luċd braṫa siḃ, aċ gur dáoine fírineaċa siḃ: mar sin do ḃéura mé ḃur ndearḃraṫair ḋiḃ, agus do ġeaḃṫaói ceannuiġeaċd ansa tír.
Agus a duḃradar prionnsuiḋe ċloinne Ammon ré Hanun a ttiġearna, An sáoileann tusa go ttugann Dáiḃi onóir dot aṫair, as a ccuirfeaḋ sé daóine dot ṡólásuġaḋ? naċ é aḋḃar far ċuir Dáiḃi a ṡeirḃísiġ ċugad, do spíonaḋ na caiṫreaċa, agus dá braṫ, agus dá scrios.
Cuir dáoine amaċ go spíndis tír Ċanaáin, noċ do ḃeirimsi do ċloinn Israel: do gaċ éintreiḃ dá naiṫriḃ ċuirfeas tú duine amaċ, gaċ éanduine na riaġlóir na measc.
Agus ag taḃairt aire ris, do ċuireadar luċd braṫa, do léigfeaḋ orrṫa féin a ḃeiṫ na ḃfiréin, ionnus go ngreameóċaidis air a ċoṁráḋ, do ċum a ṫaḃarṫa do ċuṁaċd agus duġdarrás a nuáċdaráin.
Agus do ċuir Iosua mac Nun días fear amaċ as Sitim do ḃraṫ go secreideaċ, gá ráḋ, Eirġiḋe measuiḋ an dúiṫċe, eaḋon Ieriċo. Agus do imṫiġeadar, agus tangadar go tiġ meirdriġ, dar ḃainm Rahab, agus do ḟosadar ann sin.
Agus do ċúadar na hóganuiġ do ḃí na luċd braṫá a steaċ, agus tugadar Rahab amaċ, agus a haṫair, agus a maṫair, agus a dearḃraiṫre, agus a raiḃ aice uile; agus tugadar a gáol uile amaċ, agus dfágḃadar taoḃ amuiċ do ċampa Israel íad.
Agus do ċonncadar an luċd braṫa duine ag teaċd amaċ as an gcaṫruiġ, agus a duḃradar ris, Guiḋmid ṫú, taisbéin dúinn, sliġe ḋul a steaċ na caiṫreaċsa, agus do ḋéanam trócaire ort.