Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 42:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus do ḟreagair Reuben íad, dá raḋ, Naċ ar laḃair misi riḃ, dá raḋ; Ná peacuiġiḋ a naġaiḋ an leiniṁ; agus níor éisdeaḃhair rium? ar a naḋḃarsin, féuċuiḋ, mar an cceadna, atá a ḟuil dá leanṁuin oruiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 42:22
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt seision, Creud do rinne tú? atá guṫ fola do ḋearḃraṫar ag éiġṁe ormsa as an ttalaṁ.


Agus ní raiḃ a ḟios aca gur ṫuig Ióseṗ íad; óir is lé fear edirṁíniġṫe da laḃair sé ríu.


Agus a duḃairt Ioseṗ ré na ḋearḃráiṫriḃ, As misi Ioseṗ; an ḃfuil máṫair beó fós? agus níor ḟéadadur a ḋearḃráiṫre freagra do ṫaḃairt air, óir do ḃí buáiḋreaḋ orra tré ḃeiṫ na laṫaír.


¶ Agus a nuáir do ċoncadur dearḃraíṫre Ioseṗ go ḃfuáir a naṫair bas, a dúḃradur, Do bféidir go mbiaḋ fúaṫ ag Ioseṗ ḋúinne, agus go gcúiteoṁaḋ rinn gó deiṁin a ndearnamar dolc air.


Agus fillfiḋ an TIĠEARNA a ḟuil ar a ċeann féin, nóċ do ṫiomáin ar ḋís do ḋáoiniḃ buḋ fíréanta agus do bfearr ná é féin, agus do ṁarḃ sé íad leis an ccloiḋeaṁ, gan a ḟios ag maṫair Dáiḃi, Abner ṁac Ner, caiptín slóiġ Israel, agus Amasa ṁac Ieter, caiptín slóiġ Iúdah.


Filltiḋ a ḃfuilsion uimesin ar ċeann Ióab, agus ar ċeann a ṡleaċda go bráṫ: aċt air Ḋáiḃi, agus air a ṡlioċd, agus air a ṫiġ, agus air a ċaṫaóir ríoġa, biaiḋ sióṫċáin go bráṫ ón TTIĠEARNA.


Marso nar ċuiṁniġ an ríġ Ioas an cinéul do rinne a aṫair Iehoiada air, aċt do ṁarḃ se a ṁac. Agus a nam a ḃais a duḃairt sé, Go ḃfaiciḋ an TIĠEARNA sin, agus go ccúitiġiḋ sé é.


A nuáir do ní sé cúartuġaḋ air ḟuil, cuiṁniġiḋ sé orra: ní ḋearmadann sé éiġioṁ na núṁal.


An tan a déara misi ris an cciontaċ, Do ġeaḃa tú go deiṁin bás; agus naċ ttiuḃra tusa raḃaḋ ḋó, agus naċ laiḃeora tú do ṫaḃairt raḃaiḋ don ċiontaċ fá na droiċṡliġe, do ṡáḃáil a ánma; éugfuiḋ an droċḋuine sin iona éigceart féin; aċt íarrfa misi a ḟuil as do láiṁsi.


Aċd sinne go deiṁin go ceart; (óir fúaramar na neiṫe do ṫuilleadar ar ngníoṁarṫa): aċd ní ḋearna an tési olc ar biṫ.


Agus ar ḃfaicsin na péisde croiċde as a laiṁ do na dáoiniḃ barbarṫa, a duḃradar ría ċéile, Go deiṁin is fear dúnṁarḃṫa é, dá naċ ḃfuilngeann dioġaltus Dé a ḃeiṫ beó, gioḋ ṫáinic sé slám ón ḃfairge.


Noċ ḟoillsiġeas obair an dliġiḋ sgríoḃṫa an a gcroiḋṫiḃ, ar mbeiṫ dá gcogús ag déunaṁ fíaḋnuise má ráon ríu, agus a smuáintiġṫe ag éiliuġaḋ a ċéile nó fós ag gaḃáil a leisgiél;)


Cía bé ḃéuras neaċ ris a mbruid raċuiḋ sé féin a mbruid: cía bé ṁarḃas ré cloíḋeaṁ is éigean é féin do ṁarḃaḋ ré cloíḋeaṁ. Is ann so atá foiġid agus creideaṁ na náoṁ.


Agus do ḃádar daóine ar fiuċaḋ ré hainteas mór, agus do ṁasluiġeadar ainm Dé, agá ḃfuil cúṁaċda ós na pláġuiḃsi: agus ni ḋearnadar aiṫriġe ċum glóire do ṫaḃairt dósan.


¶ Agus do laḃair Ionatan go maiṫ ar Ḋáiḃi re na aṫair, agus á daḃairt ris, Ná peacuiġeaḋ an ríġ a naġaiḋ a ṡearḃḟoġantuiġe, a naġaiḋ Ḋáiḃi; do ḃríġ naċ ndéarna seison coir ad aġaiḋsi, agus do ḃríġ gur ro ṁaiṫ do ḃadar a oibreaċa ar do ṡon:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ