13 Agus a duḃradarsan, da dearḃraṫair ḋeag atáid do ṡerḃisiġ, mic éanduine aṁain a ttír Ċánaain; agus, féuċ, atá an mac as óige a ḃfoċair ar naṫár, agus áon naċ ḃfuil.
Agus a duḃairt Iacob a naṫair ríu, Do ḃeanaḃair mó ċlann díom, ní ḃfuil Ióseṗ ann, agus ni ḃfuil Simeon, agus béurṫáoi Beniamin uáim: ataid na neiṫesi uile am aġuiḋ.
Agus a duḃairt seision, Ni raċa mo ṁacsa liḃ síos; óir déug a ḋearḃraṫair, agus do fágḃaḋ eision na áonar; mé ḃeanann tubuisde ḋó sa tsliġe ann a raċṫaóisi, ann sín béurṫaoi mo ġrúaglíaṫsa maille re dóbrón ċum na huáiġe.
Agus do ṫóg seision a ṡúile, agus do ċonnairc a ḋearḃraṫair Beniamin mac a ṁaṫar, agus a duḃairt, A né so ḃur ndearḃraṫair as óige, air ar laḃraḃair rium? Agus a duḃairt sé, Go raiḃ Día grásaṁuil duit, a ṁic.
Agus a duḃradursan, Do ḟíafruiġ an tóglaċ go cruáḋógaċ ḋínn, ar staid, agus ar gcinéul, ag ráḋ, An ḃfuil ḃur naṫair beó fós? an ḃfuil dearḃraṫair eile aguiḃ? agus do innisimairne ḋó reir bríġe na mbriaṫarsa: nar ḃféidir ḋuinn a ḋeirḃḟios do ḃeiṫ aguinn, go naibéoraḋ sé, tuagiḋ ḃur ndearḃraṫair liḃ?
Agus a duḃramairne rem ṫiġearna, Atá aṫair aguinn, seanduine, agus leanaṁ rugaḋ ḋó na aois ḟoirfe, leanaṁ beag; agus fuair a ḋearḃraṫair bás, agus do fágḃaḋ é, féin na áonar óna ṁaṫair, agus atá gráḋ agá aṫair air.
Agus do inniseadur ḋó ag ráḋ; Atá Ióseṗ beó fós, agus isé is uaċdarán ós cionn ċríċe na Hégipte uile. Agus do lagaḋ croiḋe Iácob; óir níor ċreid sé íad.
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA; Do ċlós gúṫ ann Rámah, cáoi, agus gul géur; Raċel ag caóineaḋ a cloinne do ḋiúlt si coṁfortaċt ar son a cloinne, do ḃríġ naċ raḃad ann.
Ann sín an tan do ċonnairc Iorúaiṫ, go ndearnadar na dráoiṫe fonóṁad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úaḋ, do ṁarḃ sé a raiḃ do leanbaiḃ-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaiḃ uile, ó áois ḋá mblíaḋan nó fáoi, do reír na haimsire dfoġluim sé go diṫċiollaċ ó na dráoiṫiḃ.