Agus a duḃairt seision, féuċ, do ċúala mé go ḃfuil arḃar sa Négipt: éirgiḋ síos ann sin, agus ceannċaiḋ ḋúinn; as sin ionnus go mairfeam, agús naċ ḃfuġeam bás.
Agus do ċoncadar an pobal uile na tóirneaċa, agus na tinnteaċa, agus fuáim an sduic, agus an slíaḃ ag deatuġaḋ: agus a nuáir do ċoncadar an pobal é, do aṫruiġeadar, agus do ṡeasadar a ḃfad uáḋ.
Agus do ċoncadúr oifigiḋ ċloinné Israel, gur ḃolc an náit ann a raḃadur, tar éis a ráḋ, Ní laiġdeoċuiḋ a ḃeag dá ḃur mbríciḋ ann ḃur ttasca laéṫeaṁuil.
Cred fa a ḃfanmaóid ar suiġe? cruinniġiḋ siḃ féin, agus déanam a steaċ annsna caiṫreaċaiḃ daingne, agus bímid ar ttoċd annsin: óir do ċuir an TIĠEARNA ar Ndía ar toċd sinn, agus ṫug sé uisge domblois dúinn re ól, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar a naġaiḋ an TIĠEARNA.
An tan do ċonnairc Eṗraim a ṫinneas, agus Iúdah a ċneaḋ, ann sin do ċuáiḋ Eṗraim a ccionn a Nassírianaċ, agus do ċuir fios gus an ríġ Iáreb; giḋeaḋ níor ḟéad sé siḃsi do ṫárṫáil, nó ḃur leiġios ó ḃur ccneiḋ.