Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 41:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus tárla air maidin go raiḃ a spiorad buaiḋearṫa; agus do ċuir fios, agus do ġoir ar ḋráoiṫiḃ na Hégipte uile, agus ar a ḋaóiniḃ críonna: agus do innis Ṗárao a aisling ḋóiḃ; aċ níor fríṫ áonduine do inneosaḋ a ccíall do Ṗárao.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 41:8
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus táinig Ióseṗ a steaċ ċugṫa ar maidin, agus do ḟéuċ orra, agus, féuċ, do ḃádar go duḃaċ.


Agus a duḃradursan ris, Do ċoncamar aislinge, agus ní ḃfuil fear a ccialluiġe aguinn. Agus a duḃairt Jóseṗ riú, Naċ ré Día ḃeanas cialluġaḋ? guiḋim siḃ, innisiḋ ḋaṁsa íad.


Agus a duḃairt Ṗárao re Ióseṗ, Do ċonnairc mé aisling, agus ní ḃfuil neaċ ḟéadus a heidirṁíniuġaḋ: agus do ċúala me teaċd ortsa, go ttuigeann tu aisling ċum a heidirṁíniġe.


Agus do ṡluigeadur na díasa tana na seaċd ndíasa maiṫe; agus do innis mé so do na draóiṫiḃ; aċ ní friṫ éunduine dfoillseoċaḋ a mbríġ ḋaṁ.


Agus do ṡluigeadar na seaċd ndíasa tana cáola na seaċd ndíasa raṁra lána, agus do ṁúsguil Ṗárao, agus, féuċ, dob aisling é.


Atá rún an TIĠEARNA ag an luċd eagluiġeas roiṁe; agus foillsiġiḋ a ċunnraḋ ḋóiḃ.


Ann sin do ġoir Ṗárao mar an gcéadna na dáoine glíoca, agus na bpiséogáiḃ: a nois dráoiṫe na Hégipte, do rinneadursan fós ar an moḋ céadna le na ndroiġeaċduiḃ.


Agus do rinneadar dráoiṫe na Hégipte sin lé na ndroiġeaċduiḃ; agus do cruáiḋeaḋ croiḋe Ṗárao, agus níor uṁluiġ sé ḋóiḃ; fá mar a duḃairt an TIĠEARNA.


Agus do rinneadar na dráoiṫe sin le na ndroiġeaċd, agus tugadar cnadáin súas ar talaṁ na Hégipte.


Agus níor ḟéadadur na dráoiṫe seasaṁ a laṫair Ṁaoise do ḃríġ nam bolguiḋe; óir do ḃí an ḃolgaċ ar na dráoiṫiḃ, agus ar na Hégiptiḃ uile.


Agus failleoċuiḋ spiorad na Hégipte iona lár; agus díoḃaiġfe misi a coṁairle: agus íarrfuid siad ċum na ioḋaliḃ, agus ċum na neasarluiġṫeoiriḃ, agus ċum na druinge agá mbí leannáin síġṫe, agus ċum na ḃfaistíneaċ.


Uimesin, féuċ, raċuiḋ mé ar maġaiḋ do ḋéanaṁ oibre iongantuiġ a measg an ṗobailsi, eaḋon obair iongantaċ agus iongnaḋ: óir imeoċuiḋ eagna na ndaoine ccríonna seaċad, agus ceilfiġṫear tuigse na neagnuiḋe.


Agus a núair a déaruid síad riḃsi, Iarruiḋ ar an ṁuinntir agá mbíd spioruid ṁuinntearḋa, agus ar ḟáistineaċaiḃ ṗiobas, agus ċannranus: naċ ar ċóir do ḋaóiniḃ íarruiḋ ar a Ndía féin? na mairḃ ar son na mbéo?


Agus fuáir an ríġ íad ní buḋ féarr deiċ nuáire náid na draóiṫe agus na hastroluiġṫe úile da raiḃ ann a rioġaċdaiḃ uile, annsna huile ċúisiḃ eagna agus tuicsiona, dar ḟíafruiġ sé ḋíoḃ.


Do ċonnairc misi Nebuċadnessar ríġ a naislingse. Anois ṫusa, a Ḃeltesassar, foillsiġ a cíall, mar naċ ḃfeaduid uile ḋaóine glioca mo rioġaċda a cíall dfoillsiuġaḋ: aċt féaduiġ tusa é; óir atá spiorad na ndée náoṁṫa ionnad.


¶ Ann sin do ḃí Dániel, (dar bainm Beltesassar,) ar na ċrioṫnuġaḋ ar feaḋ uáire, agus do ḃuáiḋriodar a smuáintiġṫe é. Do laḃair an ríġ, agus a duḃairt, A Ḃeltesassar, na buáiḋreaḋ a naisling, nó a cíall ṫú. Do ḟreagair Belltesassar, agus a duḃairt, A ṫiġearna, bíoḋ a naisling don druing ḟúaṫuiġios ṫú, agus a cíall dot naiṁdiḃ.


Do ċonnairc mé aisling do ċuir eagla orum, agus do ḃúaiḋir smuáintiġṫe air mo leabuiḋ mé agus fise mo ċinn.


Uimesin do rinne mé órduġaḋ daóine glioca na Babilóine uile do ṫaḃairt a steaċ dom laṫair, ċor go ttiuḃraidís ḋaṁ fios céille na haislinge.


Annsin ṫangadar na draóiṫe, na hastroluiġe, na Caldeánuiġ, agus na fáisdiníġ a steaċ: agus dinnis mé a naisling da laṫair; aċt níor ḟoillsiġiodar ḋaṁ a cíall.


Atá duine ann do rioġaċd, iona ḃfuil spiorad na ndée náoṁṫa; agus a láeṫiḃ haṫar, fríṫ solus agus tuicse agus eagna ann, cosṁuil ré heagna na ndée; noċ dá ndéarna an ríġ Nebuċadnessar haṫair, an ríġ, a deirim, haṫair, maiġistir ar na draóiṫiḃ, air na hastroluiġṫiḃ, air na Caldeánaċaiḃ, agus air na faistineaċaiḃ;


Go nuige so atá críoċ a naḋḃair, Ar mo ṡonsa Dániel, do ḃuáiḋreadar mo smúaintiġṫe go mór mé, agus dáṫruiġ mo ḋealḃ ionnam: aċt do ċoiṁéad mé an ċúis ann mo ċroiḋe.


Agus danḃfáinniġ misi Daniel, agus do ḃáḋas tinn laeṫe áiriġ; na ḋiáiġsin déiriġ mé súas, agus do rinne mé ġnoṫuiġe an ríġ; agus do ḃí uáṫḃás orum fa a naisling, aċd níor ṫuig duine ar biṫ í.


¶ Ná bíoḋ suim aguiḃ annsa druing ga mbíḋ spioraid ṁuinntearḋa, agus ná hiarruiḋ luċd fáistine, da ḃur ndéanaṁ truáilliġ léo: misi an TIĠEARNA ḃur Ndia.


¶ Agus an tanam ionntoċus leis an druing ga mbíḋ leannáin síġe, agus a ndiáiġ luċd fáistine, do ḋul do stríapaċus na ndiáiġ, cuirfe mé ċeana maġaiḋ a naġaiḋ a nanma, agus géarrfa mé as lár a muinntire íad.


An tan do ċúaluiḋ mé, do ċrioṫnuiġ mo ḃolg, dúasnadar mo ṗuisine ris an ngúṫ: do ċuáiḋ loḃaḋ a steaċ ann mo ċnáṁuiḃ, agus do criṫ mé ionnam féin, iondus go súaiṁneaċuinn a ló na buaiḋearṫa: an tan ṫiġ sé súas ċum na ndaóine, ionnsoċuiḋ sé íad le na ṡlúaġuiḃ.


Agus an tan do rugaḋ Iósa a Mbetleem ṫíre Iúdaiġe a laiṫiḃ Iorúaiṫ an rí, féuċ, tangadar dráoiṫe ó naird ṡoir Híarusalem,


Agus do rinneadar feallsaṁnuiġe áiriġe do na Hepicúraċuiḃ, agus do na Stoiciḃ, connspóid ris. Agus a duḃradar cuid ḋíoḃ, Cred as áill leis an ḃfear mbriosg-ġlóraċso do ráḋ? agus a duḃradar cuid eile, As cosṁuil ris ḃeiṫ na ṡeanmóntuiḋe ar ḋéeiḃ coiṁiġṫeaċa: ar son gur ṡeanmóir sé Iósa, agus a néiseirġe ḋóiḃ.


Agus do ḃí Máoise foġlomṫa a nuile éagna na Négipteaċ, agus do ḃí sé cúṁaċdaċ a mbríaṫruiḃ agus a ngníoṁarṫuiḃ.


Oír atá sgríoḃṫa, Sgriosfaiḋ mé eagna na ndáoineaḋ eagnaiġe, agus cuirfiḋ mé ar gcúl tuigse na ndáoineaḋ dtuigsionaċ.


Agus do ċuireadur na Ṗilistiniġ gairm ar na sagartaiḃ agus ar an luċd fáistine, gá ráḋ, Cread ḋéanam re háirc an TIĠEARNA? innisiġ ḋúinn cred lé gcuirfeam dá háit féin í?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ