Agus tárla air maidin go raiḃ a spiorad buaiḋearṫa; agus do ċuir fios, agus do ġoir ar ḋráoiṫiḃ na Hégipte uile, agus ar a ḋaóiniḃ críonna: agus do innis Ṗárao a aisling ḋóiḃ; aċ níor fríṫ áonduine do inneosaḋ a ccíall do Ṗárao.
Agus do ṁúscail Solaṁ; agus, féuċ, dob aisling í. Agus ṫáinic sé go Hierusalem, agus do ṡeas a ḃfíaḋnuise aírce ċunnarṫa an TIĠEARNA, agus dofráil sé ofrála loisge, agus dioḋbuir sé ofrála síoṫċána, agus do rinne sé féusta ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ uile.