Agus do ḃí an ġorta ar aġuiḋ na talṁan uile: agus do oscuil Ióseṗ tiġṫe an stórúis uile, agus do reac ris na Hégiptiḃ: agus do ḟás an ġorta go trom á gcríċ na Hégipte.
Agus dob é Ióseṗ dob uaċdarán ós cionn na tíre uile, agus is eision do reacaḋ ré daoiniḃ na tíre úile agus tangadar dearḃráiṫre Ióseṗ, agus do uṁluiġéadur íad féin sios dá laṫair lé na naigṫiḃ go talaṁ.
Agus do ċruinníġ Ioseṗ súas a nuile airgead fríṫ a ccríċ na Hégipte agus a ttír Ċánaain ar son a narḃa do ċeannċadur, agus tug Ioseṗ an tairgead a steaċ go tiġ Ṗárao.
Ar eagla go naibéoraḋ an dúiṫċe as a ttug tú amaċ sinn, Do ḃríġ nar ḟéud an TIĠEARNA a mbreiṫ don tír do ġeall sé ḋóiḃ, agus do ḃríġ gur ḟúaṫuiġ sé íad, ṫug sé amaċ íad da marḃaḋ fan ḃfásaċ.