Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 41:56 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

56 Agus do ḃí an ġorta ar aġuiḋ na talṁan uile: agus do oscuil Ióseṗ tiġṫe an stórúis uile, agus do reac ris na Hégiptiḃ: agus do ḟás an ġorta go trom á gcríċ na Hégipte.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 41:56
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí gorta ann sa tir: agus do ċúaiḋ Abram síos don Egipt do ċoṁnúiġe ann sin; óir do ḃí an ġorta doilġeasaċ sa talaṁ.


Agus éiréoċuid na ndiaiġ sin seaċd mbliaḋna gorta; agus dearmadfuiġear an ḟairsinge uile a gcriċ na Hegipte; agus millfiḋ an ġorta an talaṁ;


Agus cruinníġedís uile beaṫa na mbliaḋan maiṫ sin do ṫiocfas, agus cuiredís arḃar a dtaisge faói láiṁ Ṗárao, agus cuṁduiġedís beaṫa ann sna caiṫreaċaiḃ.


Agus a nuáir do ḃí gorta a gcríċ na Hégipte, do éiġṁeadar na dáoine ar Ṗárao díarruiġ aráin air: agus a duḃairt Ṗárao ris na Hégiptiḃ uile ímṫiġiḋ dionnsuiġe Ióseṗ; déanuiḋ an ní a déara sé riḃ.


Agus táinig a nuile ṫír go Ióseṗ don Egipt do ċeannaċ arḃar, do ċionn go raiḃ an ġorta ċoṁṫrom sin ann gáċ entír.


Agus dob é Ióseṗ dob uaċdarán ós cionn na tíre uile, agus is eision do reacaḋ ré daoiniḃ na tíre úile agus tangadar dearḃráiṫre Ióseṗ, agus do uṁluiġéadur íad féin sios dá laṫair lé na naigṫiḃ go talaṁ.


Agus do ḃí an ġorta go ro ṁór sa tir.


Agus tiucfa a ccriċ tar éis ċríoċnuiġṫe ṡeaċdṁoġad blíaḋan, go ttiucfuiḋ an TIĠEARNA dféuċuin Tíor, agus fillfiḋ sí ċum a túarusdail, agus do ḋéana sí stríapaċus re huile rioġaċdaiḃ an doṁuin ar ġnúis na talṁan.


Annsin a duḃairt seision riom, Isé so an malluġaḋ ṫéid amaċ ṫair aġaiḋ na talṁan uile: óir géarrfuiġear amáċ gaċ uile ḋuine ġadus mar buḋ eaḋ don taóiḃsi ḋá réir; agus géarrfuiġear amaċ gaċ uile ḋuine do ḃeir mionna mar buḋ eaḋ don taóiḃ oile ḋá réir.


Oir tiocfa sé mar ḋul ar na huile ḋáoine dá náitriġeann ar úaċdar na talṁan uile.


Agus do rinne sé a nuile ċeinél dáoine déunḟuil aṁáin do ċum go naitéoċaidis ar ḋruím na talṁan uile, agus do ċinn sé aimsearḋa reuṁórduiġe, agus teóranna a náitreaḃaiḋsan;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ