53 Agus do críoċnuiġéaḋ na seaċd mbliaḋna tóirṫeaċa do ḃí a ttalaṁ na Hégipte.
Agus tug sé Eṗraim dainm ar an dara fear: óir do rinne Día síolṁar mé a ttalaṁ mo ḃuaiḋriḋ.
Agus do ṫosuiġeadar seaċd mbliaġna na gorta teaċd mar á duḃairt Ióseṗ; agus do ḃí an ġorta ann gaċ uile ṫír; aċ do ḃí arán a ttalaṁ na Hégipte uile.
Oír as dá ḃlíaḋuin atá an ġorta sa tir: agus atáid fós cúig ḃliaḋna ann naċ bía treaḃaḋ na foġṁar.
Mar aisling tar éis duine do ṁúsclaḋ; mar sin, a ṪIĠEARNA, a nuáir ṁúisceolus tusa, do ḋéanair a níoṁáiġ do ṫarcuisniuġaḋ.
Aċd a duḃairt Abraham, A ṁic, cuiṁniġ gur ġlac tusa neiṫe maiṫe le linn do ḃeiṫ béo, agus Lásarus mar an gceadna droċ neiṫe: aċd atá sólas aigesion a nois dá ḟáġáil, agus atá tusa dod ṗíanaḋ.