Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 41:52 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

52 Agus tug sé Eṗraim dainm ar an dara fear: óir do rinne Día síolṁar mé a ttalaṁ mo ḃuaiḋriḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 41:52
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḋéuna mé ro ṫórṫaċ ṫú, agus do ḋéuna mé ciniḋeaċa ḋíot, agus tiocfaid ríġṫe asad amaċ.


Agus go mbeannuiġe Día uile ċuṁaċdaċ ṫú, agus go ndearna siólṁur ṫú, agus go ḃfoirlíonuiġ ṫú, go ṁic tú ad iomad dáoine.


Agus tug Ioseṗ Manasseh dainm ar an ccéidġin; óir do ṫug Día orúm, air sé, mo uile ṡáoṫar, agus tiġ máṫar uile do ḋearmad.


Agus do críoċnuiġéaḋ na seaċd mbliaḋna tóirṫeaċa do ḃí a ttalaṁ na Hégipte.


Agus tárla a ndaiġ na neiṫeannso, gur innis duine do Ióseṗ, Féuċ, atá haṫair tinn; agus rug sé leis a ḋías mac, Mannasseh agus Eṗraim,


Agus do ṡín Israel a láṁ ḋeas amaċ, agus do ċuir ar ċeann Eṗraim í, eaḋon an mac buḋ óige, agus a láṁ ċlé ar ċeann Ṁanasseh, ag treóruġaḋ a láṁ go géurċúiseaċ; óir dob é Manasseh do rugaḋ ar ttús.


Agus a nois do ḋías mac, Eṗráim agus Manasseh do rugaḋ ḋuit a gcriċ na Hégipte suil ṫáinig misi ċugad do Négipt, is liomsa iad; mar Reuben agus Simeon is fa liomsa íad.


¶ Ióseṗ, is cráoḃ ṫoruiḋ é, cráoḃ ṫoruiḋ ḋá ririḃ láiṁ ré tobar; noċ a leaṫnuiġionn a ġeuga amaċ tar anmballa.


Agus do ċonnairc Ióseṗ clann Eṗraim don treas geínealaċ; clann Maċir mar an ccéadna mac Ṁanasseh. Do tógḃaḋ súas iad ar ġlúiniḃ Ióseṗ.


Noċ iḃios fíon a mbullaḋuiḃ, agus ungas íad féin leis na holuiġiḃ is toġṫa: aċt ní ḃfuil doilġios orra ar son anṡóġ Ióseṗ.


¶ Míc Ioseṗ do réir a ttreaḃa dob íad, Manasseh agus Eṗraim.


Agus do réiḋiġ sé é ó nuile ṫrioblóid, agus tug sé grása agus eagna ḋó a ḃfíaḋnuise Ṗárao rí na Héigipte; noċ do rinne úaċdarán de ar a Néigipt agus ar a ṫiġ féin uile.


Oír do ḃádar clann Ioseṗ na dá ṫreiḃ, Manasseh agus Eṗraim: ar a naḋḃarsin ní ṫugadar roinn ar biṫ do na Leḃitiḃ annsa tír, aċd caiṫreaċa do ċoṁnuiḋe ionta, maille re na ḃfoḃailtiḃ dá náirnéis agus da máoin.


Marsin do ġlacadar clann Ióseṗ, a noiġreaċd, Manasseh agus Eṗráim.


Do ḃí mar an cceadna cuid ronna ag treiḃ Ṁanasseh; oir do bé céadṁac Ióseṗ é; do Ṁáċair ceidġin Ṁanasseh, aṫair Ġílead: do ċionn gur bḟear coguiḋ é, uíme sin fúair se Gilead agus Básan.


Uime sin tárla, a nuáir ṫáinic a naimsir timċioll tar éis Hannah do ḃeiṫ torraċ, go rug sí mac, agus ṫug Samuel dainm air, ġa ráḋ, Do ċionn gur íarr mé ar an TTIĠEARNA é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ