A mbeannuġaḋ go mbeannoċad ṫú, agus a méoduġaḋ go méideoċuiḋ mé do ṡíol aṁuil reulta niṁe, agus mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge; agus sealḃoċuid do ṡíol geataiḋe a náṁad.
Agus do ċruinniġ seision súas beaṫa na seaċd mbliaḋan noċ do ḃí a ttalaṁ na Hégipte, agus do ċuir an bbeaṫa a ttaisgiḋ ann sna caiṫreacuiḃ: toraḋ na ḃfearann, do ḃí gaċ éantáoiḃ fá gcuáirt gaċ éanċaiṫreaċ, do ċuir sé a ttaisgiḋ innte féin é.
Do bí a ṁaóin mar an ccéadna seaċt míle cáora, agus trí ṁíle cáṁall, agus cúig ċéad cúpla daṁ, agus cúig ċead assal bainionn, agus teaġlaċ roṁór; iondus gur ḃé an fearso duine buḋ mó don taóiḃ ṡoir uile.
Mar naċ féidir slúaġ neiṁe dáireaṁ, nó gaineaṁ na fairge do ṫoṁus: mairsin fóirlíonfuiḋ misi slioċd Ḋáiḃi mo ṡeirḃíseaċ, agus na Leḃítiġ ṁiniostralas daṁ.
Oír ṫangadar súas maille re na máoin agus le na bpaillioníḃ, agus tangadar aṁuil lócuistiġ ar liónṁaireaċd; óir do ḃádar féin araon agus a ccaṁuill dóáirṁiġ: agus do ċuádar a steaċ don tír dá hargain.
Agus do ḃadar na Mídianuiġ agus na Hamalecitiġ agus clann a noirṫir uile ar feaḋ an ġleanna aṁuil ḋorsain ar líonṁaireaċd; agus do ḃádar a gcáṁuill dóáirṁiġ mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge ar iomadaṁlaċd.
¶ Agus do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ íad féin a gcionn a ċéile do ṫroid a naġaiḋ Israel, tríoċad míle carbad, agus sé ṁíle marcaċ, agus dáoine mar an gaineaṁ noċ ḃíos ar ṫráiġ na fairge air iomadaṁlaċd: agus tangadar súas, agus do ṡuiḋeadar a Miċmas, soir ó Ḃetaḃen.