Agus do ḃí Ióseṗ trioċad bliáḋan dáois a nuáir do ṡeas se a laṫair Ṗárao ríġ na Hégipte: agus do ċuáiḋ Ióseṗ amaċ as fiaġnuisi Ṗárao, agus do ċuaiḋ ar feaḋ críċe na Hégipte.
Agus do ċruinniġ seision súas beaṫa na seaċd mbliaḋan noċ do ḃí a ttalaṁ na Hégipte, agus do ċuir an bbeaṫa a ttaisgiḋ ann sna caiṫreacuiḃ: toraḋ na ḃfearann, do ḃí gaċ éantáoiḃ fá gcuáirt gaċ éanċaiṫreaċ, do ċuir sé a ttaisgiḋ innte féin é.
Biáiḋ dornán arḃa annsa talaṁ air ṁullaċ na slíaḃ; biáiḋ a ṫoraḋ sin ar críṫ cosṁuil ré Lebanon, agus do ḋéanuid caiṫriuġaḋ amaċ as an ccaṫruiġ mar luiḃ na talṁan.