Genesis 41:42 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)42 Agus do ḃeán Ṗárao a ḟáinne dá láiṁ, agus do ċuir sé ar láiṁ Ióseṗ é, agus do ċuir sé culaiḋ ṡíoda uime, agus do ċuir slaḃra óir fa na ḃraġuid. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Annsin do goireaḋ ar scriḃneóiriḃ an ríġ an treas lá déag don ċéidṁí, agus do scríoḃaḋ annsin do réir a nuile neiṫe dar aiṫin Háman dfearuiḃ ionuid an ríġ, agus do na húaċtaránuiḃ do ḃí os cionn gaċ aon ṗroiḃinnsi, agus do riaġlóiriḃ a nuile ṗobuil gaċ áon ṗroiḃinnsi, do réir a scríḃinn sin, agus ċum gaċ aon ṗobail do réir a tteangṫa; a nainm an ríġ Ahasuerus do scríoḃaḋ é, agus do séuluiġeaḋ é le fáinne an ríġ.
Dfúagair an ríġ go hárd na hastroluiġṫe, na Caldéanuiġ, agus an luċt áisdine do ṫaḃairt a steaċ. Agus do laḃair an ríġ, agus a duḃairt ré daóiniḃ eagnuiġe na Babilóine, Giḋ bé ar bioṫ léiġfios an scríḃinnsi, agus ṫaisbeanfus a cíall daṁsa, éideoċar é lé scáirléad, agus do ġeaḃuiḋ sé slaḃraḋ óir timċioll a ḃráġad, agus biáiḋ sé na ṫreas úaċtarán san rioġaċt.