Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 41:41 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

41 Agus a duḃairt Ṗáraó ré Ióseṗ, Féuċ, do ċuir mé ós cionn críċe na Hégipte uile ṫú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 41:41
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tug fearcoiṁéad an ṗríosuin fá láiṁ Ioseṗ na príosúnuiġ uile, noċ do ḃí san ṗríosún; agus giḋ bé ar biṫ do nidís ann sin, dob eision do níoḋ é.


Agus tárla ó nuáir fá ndéarna sé feiṫṁeóir ḋe na ṫiġ, agus ós cionn a raiḃ aige, gur ḃeannuiġ Día tiġ a Négiptiġ ar son Ioseṗ; agus do ḃí beannuġaḋ an TIĠEARNA air a raiḃ aige a stiġ, agus amuiġ.


Agus a duḃairt Ṗárao ré Ioseṗ, Is misi Ṗárao, agus gan tusa ní ṫoigeoḃuiḋ éanduine a láṁ na a ċos súas a ttaalaṁ na Hégipte uile.


Agus dob é Ióseṗ dob uaċdarán ós cionn na tíre uile, agus is eision do reacaḋ ré daoiniḃ na tíre úile agus tangadar dearḃráiṫre Ióseṗ, agus do uṁluiġéadur íad féin sios dá laṫair lé na naigṫiḃ go talaṁ.


Mar sin annois ní siḃsi do ċuir uaiḃ mé áċ Día: agus do rinne sé aṫair ḋíomsa do Ṗárao, agus tiġearna ós cionn a ṫiġ uile, agus úaċdaran ar feaḋ ċriċe na Hégipte uile.


Oír do bé Mordecai an Iúduiġ dob ḟoicse don ríġ Ahasuerus, agus buḋ mór é a measc na Niúdúiġeaḋ, agus geanaṁuil ag iomadaṁlaċd a ḋearḃráiṫeaċ, ag íarruiḋ maiṫeasa dá ḋaóiniḃ, agus ag laḃairt síoṫċána dá ṡlioċd féin uile.


Do ċuir sé é na ṫiġearna air a ṫiġ, agus na úaċdaran iona ṡealḃuiḃ uile:


Bíaiḋ ríaġuil ag an tseirḃíseaċ ċrionna ós cionn an ṁic ṫuillios náire, agus biáiḋ cuid do noiġreaċt aige a measg na ndearḃráiṫreaċ.


An ḃfáicionn tú dúine díṫċiollaċ iona ġnoṫuiġiḃ? seasfuiḋ sé a laṫair ríoġ; ní a laṫair ḋaoine uirísiol ṡeasfas sé.


Oír is as príosún ṫig seision do ríoġaḋ; an té fós beirṫior iona rioġaċt fásuiġ sé boċt.


Annsin do rinne an ríġ duine mór do Ḋániel, agus ṫug sé iomad tioḋlaiceaḋ ḋó, agus do rinne sé úaċdarán de ós cionn uile ṗroḃinnse na Babilóine, agus úaċdarán ós cionn uile ḋaóine glioca na Babilóine.


Anois do toġaḋ an Dánielse ós cionn na nuáċdarán agus na bprionnsaḋ, do ḃríġ go raiḃ spiorad oirḋeirc ann; agus do ḃreaṫnuiġ an ríġ a ċur ós cionn na rioġaċda uile.


Agus ar dteaċd Diosa do laḃair sé ríu, ag ráḋ, Ṫugaḋ ḋamsa gaċ uile ċuṁaċda ar a neaṁ agus ar talaṁ.


Agus do réiḋiġ sé é ó nuile ṫrioblóid, agus tug sé grása agus eagna ḋó a ḃfíaḋnuise Ṗárao rí na Héigipte; noċ do rinne úaċdarán de ar a Néigipt agus ar a ṫiġ féin uile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ