Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 41:40 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

40 Biáiḋ tú ós cionn mo ṫiġe, agus is réir do ḃréiṫre ḃías riaġlúġaḋ mo ḋáoine uile: ann mo ċaṫáoir ríoġa aṁáin ḃías mé ní is mó ná ṫú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 41:40
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní ḃfuil duine is mó ná mé iona ṫiġ; agus níor ċonnuiṁ sé éinní uaim, aċ ṫusa, do ċionn gur tú a ḃean: cionnus ḟéaduimse mar sin an tolc mór sa, agus an peacaḋ do ḋéanaṁ a naġuiḋ Dé?


Ann sin táinic Iudah a ḃfogus dósan, agus a duḃairt sé, Oh a ṫiġearna, guiḋim ṫú léig dot ṡerḃiseaċuiḃ focal do laḃairt a néisdeaċd mo ṫiġearna, agus ná lasaḋ ṫfearg a naġuiḋ do ṡerḃísiġ: oir is ionann tú agus Ṗárao.


Agus do inniseadur ḋó ag ráḋ; Atá Ióseṗ beó fós, agus isé is uaċdarán ós cionn ċríċe na Hégipte uile. Agus do lagaḋ croiḋe Iácob; óir níor ċreid sé íad.


Oír do bé Mordecai an Iúduiġ dob ḟoicse don ríġ Ahasuerus, agus buḋ mór é a measc na Niúdúiġeaḋ, agus geanaṁuil ag iomadaṁlaċd a ḋearḃráiṫeaċ, ag íarruiḋ maiṫeasa dá ḋaóiniḃ, agus ag laḃairt síoṫċána dá ṡlioċd féin uile.


Tareis na neiṫeánn so do ṁéuduíġ an ríġ Ahasuerus Háman mac Ammedata an Tagagiteaċ, agus dárduiġ é, agus do ċuir sé a ionad suiḋe ós cionn na huile ṗrionnsaḋ da raiḃ aige.


Agus gur ḃrostuiġeaḋ mo ċroiḋe ós ísiol, nó gur ṗóg mo ḃéul mo láṁ:


Póguiḋ an Mac, deagla go mbíaḋ sé feargaċ, agus go raċaḋ siḃ a múġa san tsliġe, an tan lasfus a ḟearg ḋá laġad. Is beannuiġ an dream uile, noċ ċuirios a ndóiġ ann.


An ḃfáicionn tú dúine díṫċiollaċ iona ġnoṫuiġiḃ? seasfuiḋ sé a laṫair ríoġ; ní a laṫair ḋaoine uirísiol ṡeasfas sé.


Annsin dfúagair Belsassar, agus déaduiġeadar Dániel le scáirléad, agus lé slaḃraḋ óir fá na ḃráġaid, agus ṫugadar fógra ḋa ṫaóiḃ, go mbíaḋ sé na ṫreas úaċdarán san rioġaċd.


Anois do toġaḋ an Dánielse ós cionn na nuáċdarán agus na bprionnsaḋ, do ḃríġ go raiḃ spiorad oirḋeirc ann; agus do ḃreaṫnuiġ an ríġ a ċur ós cionn na rioġaċda uile.


Agus do réiḋiġ sé é ó nuile ṫrioblóid, agus tug sé grása agus eagna ḋó a ḃfíaḋnuise Ṗárao rí na Héigipte; noċ do rinne úaċdarán de ar a Néigipt agus ar a ṫiġ féin uile.


An sin do ġlac Samuel soiṫeaċ ola, agus do ḋóirt air a ċeann é, agus do ṗóg é, agus a duḃairt, Naċ uime dungaiḋ an TIĠEARNA ṫu ċum ḃeiṫ ad ċaiptín ós cionn a oiġreaċda?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ