4 Agus dúadar na baṫ gránda feóiltrúaġa na seaċd mbaṫ bréaġḋa reaṁra. Agus ann sin do ṁúsguil Ṗárao.
Agus, féuċ, ṫáinic na diáiġ as a naḃuinn seaċd mbaṫ sgíaṁaċa, agus íad raṁar a ḃfeóil; agus do ḃádur ag inġeilt ar ṁóinḟéar.
Agus, féuċ, ṫáinic na ndiáiġ as a naḃuinn seaċd mbaṫ eile, gránda agus trúaġ a ḃfeóil; agus do ṡeasadur a bḟoċair na mbó eile, ar brúaċ na haḃanna.
Agus do ċoduil sé, agus do ċonnairc sé aisling an dara huair: agus, féuċ, tangadur seaċd ndíasa arḃa ar éanċoinnlín ṁéaṫ agus ṁaiṫ.
Agus do ṁúscail Solaṁ; agus, féuċ, dob aisling í. Agus ṫáinic sé go Hierusalem, agus do ṡeas a ḃfíaḋnuise aírce ċunnarṫa an TIĠEARNA, agus dofráil sé ofrála loisge, agus dioḋbuir sé ofrála síoṫċána, agus do rinne sé féusta ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ uile.