34 Déanaḋ Ṗárao mar so, agus orduiġeaḋ sé oifigiḋ ós cionn na críċe, agus tógḃaḋ an cúigeaḋ cuid do ċríċ na Hégipte, annsna seaċd mbliaḋnuiḃ tóirrṫeaċa.
Agus cruinníġedís uile beaṫa na mbliaḋan maiṫ sin do ṫiocfas, agus cuiredís arḃar a dtaisge faói láiṁ Ṗárao, agus cuṁduiġedís beaṫa ann sna caiṫreaċaiḃ.
Agús tiucfaiḋ a ccríċ ann sa mbiseaċ, go ttiuḃarṫáoi an cúigeaḋ cuid do Ṗárao, agus biaiḋ ċeiṫre ċuid aguiḃ féin, ċum síl a nfearainn, agus ċum ḃur mbeaṫa, agus do ṁuinntir ḃur ttiġe, agus mar ḃeaṫa dá ḃur leanbuiḃ.
Agus do rinne Ióseṗ sin na ḋliġeaḋ ar feaḋ ċríċe na Hégipte gus a niuġ, go ḃfuiġe Ṗárao an cúigeaḋ cuid; aċd aṁáin fearann na sagart, noċ naċ ráinic ċum Ṗárao.
Agus do rinneadar na daóine a nobair go fírinneaċ: agus isíad do ḃí ós a ccionn Iahat agus Obadiah, na Leḃitiġ, do ċloinn Ṁerári; agus Seċariah agus Messullam, do ṁacaiḃ na Ccohatíteaċ, dá brostugaḋ ar a haġaiḋ; agus cuid eile do na Leḃítiḃ, a nuile ḋuine agá raiḃ éolus a ccéol.