Oir feaċuiḋ, do ḃamar ag ceangal punnann ar an maċaire; agus féaċuiḋ, do éiriġ mo ṗunnannsa agus do ṡeas súas go díreaċ; agus féuċuiḋ, do ḃadur ḃur bpunnanasa na seasaṁ na timċioll, agus do rinneadar uṁla dom ṗunnainnsi.
Agus do ċonnairc seision fós aisling eile, agus do innis sé dá ḋearḃraiṫriḃ í, agus a duḃáirt, Féaċuiḋ, do ċonnairc mé fós aisling eile; agus féaċuiḋ, do rinne an ġrían agus an ġealaċ agus na háonréulta déug uṁla ḋaṁsa.
Oír do hórduiġeaḋ Toṗet ón tseanaimsir; iseaḋ, don ríġ fós do hullṁuiġeaḋ é; do rinne sé doṁuin agus leaṫan é: sé a ċárn sin teine agus iomad connaiḋ: lasaiḋ anál an TIĠEARNA é, aṁuil sruṫ ruiḃe.
An tionad a ḃfaca tú gur gearraḋ cloċ as a tslíaḃ amaċ gan láṁa, agus gur ḃris sí an tíarann ambloḋuiḃ, an prás, an ċré, an tairgiod, agus an tór; do rad an Día mór a ḟios don ríġ cred ṫiucfas a ccríċ na ḋiaiġso: agus atá a naisling dearḃṫa, agus a cíall daingion.
Ní duine Día, as á ndéanaḋ bréag; ní mó is mac duine é, as a ndéanaḋ sé aiṫreaċus: a nduḃairt sé, agus naċ béara ċum críċe é? no ar laḃair se, agus naċ bfedir a ċoiṁlionaḋ?
Ann sin a déara an Rí ris an luċd ḃías air a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋáoine beannuiġṫe Maṫarsa, gaḃuiḋ ċugaiḃ óiġreaċd na ríoġaċda a tá ar na hullṁuġaḋ ḋáoiḃ ó ṫosaċ an doṁuin:
Ann sin a déara sé mar gcéadna ré luċd na láiṁe clí, A ḋáoine malluiġṫe, imṫiḋiḋ úaim ann sa teiniḋ ṡiorruíḋe, atá ar na hullṁuġaḋ don diaḃal agus dá aingliḃ: