29 Bióḋ a ḟios agad go ḃfuilid seaċd mbliaḋna mórṫórrṫaċa ag teaċd ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile:
Na seaċd mbaṫ maiṫe is seáċd mblíaḋna iad; agus na seaċd ndiasa maiṫe, is seaċd mbliaḋna íad; is ionann a naisling.
Agus éiréoċuid na ndiaiġ sin seaċd mbliaḋna gorta; agus dearmadfuiġear an ḟairsinge uile a gcriċ na Hegipte; agus millfiḋ an ġorta an talaṁ;
Agus do ċruinniġ Ióseṗ arḃar mar ġainiṁ na fairge, róṁórán, nó go ndeaċuiḋ sé ó ċoṁáireaṁ; óir níor ḃféidir a áireaṁ.