Agus a duḃradursan ris, Do ċoncamar aislinge, agus ní ḃfuil fear a ccialluiġe aguinn. Agus a duḃairt Jóseṗ riú, Naċ ré Día ḃeanas cialluġaḋ? guiḋim siḃ, innisiḋ ḋaṁsa íad.
Oír cuirfe mé a nois mo ṗláġa uile ar do ċroiḋe, agus ar do ṡerḃíseaċuiḃ, agus ar do ṁuinntir; ċor go mbia a ḟios agad naċ ḃfuil mo leiṫeid eile san doṁan.
Cruinniġṫear na huile ċineaḋaċa a ḃfoċair a ċeile, agus bídís na dáoine cruinn: cía iona measc sin ḟéadas so dfoillsiuġaḋ, agus ṫaisbéanas ḋúinne neiṫe roiṁe so? tugaidís amaċ a ḃfíaḋnuiseaḋa, ċor go ḃfíorfuiġear íad: nó cluinedís, agus abraidís, Is fírinne é.
An tionad a ḃfaca tú gur gearraḋ cloċ as a tslíaḃ amaċ gan láṁa, agus gur ḃris sí an tíarann ambloḋuiḃ, an prás, an ċré, an tairgiod, agus an tór; do rad an Día mór a ḟios don ríġ cred ṫiucfas a ccríċ na ḋiaiġso: agus atá a naisling dearḃṫa, agus a cíall daingion.
Do ḟregair an ríġ do Ḋániel, agus a duḃairt, Is dearḃ, gur Día na ndée ḃur Ndíasa, agus Tiġearna ar ríoġuiḃ, agus foillsiṫeaċ secréideaḋ, ó dfeud tusa an tseicréidse dfoillsiuġaḋ.
¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosua, Ná bíoḋ eagla ort ar a son súd: óir seaċóduiġ misi a máraċ timċioll na huáiresi íad marḃ uile as coinne Israel: géarrfuiḋ tú a nioscada dá neaċuiḃ, agus loiscfiḋ tú a ccarbuid re teiniḋ.
Na ḋiaiġ so do ḟéuċ me, agus, féuċ, doras fosguilte ar neaṁ: agus an céud ġúṫ do ċúaluiḋ mé, mar ḟuáim sduic ag laḃairt riom; ag ráḋ, Gaḃ a níos ann so, agus foillseóċad ḋuit na neiṫe as éigean do ḋéunaṁ na ḋiáiġ so.