Agus a duḃairt sé ris, Guiḋim ṫú, eiriġ, féuċ an maiṫ a táṫar ag ad ḋearḃráiṫriḃ, agus an maiṫ a táṫar ag na tréuduiḃ; agus taḃair scéula ċugam a rís. Mar sin do ċuir sé amaċ é as gleann Hébron, agus táinig sé go Seċem.
Agus a duḃradursan ris, Do ċoncamar aislinge, agus ní ḃfuil fear a ccialluiġe aguinn. Agus a duḃairt Jóseṗ riú, Naċ ré Día ḃeanas cialluġaḋ? guiḋim siḃ, innisiḋ ḋaṁsa íad.
Do ḟregair an ríġ do Ḋániel, agus a duḃairt, Is dearḃ, gur Día na ndée ḃur Ndíasa, agus Tiġearna ar ríoġuiḃ, agus foillsiṫeaċ secréideaḋ, ó dfeud tusa an tseicréidse dfoillsiuġaḋ.
Annsin do ḟreagair seision agus do laḃair sé riomsa, ag ráḋ, Ise so briaṫar an TIĠEARNA re Serubbabel, ag ráḋ, Ní lé slúaġ, nó lé cuṁaċdaiḃ, aċt lé mo spioraidse, a deir TIĠEARNA na slóġ.
Agus a duḃairt seision, Eistiġ annois mo ḃríaṫra: Máta fáiḋ ḃar measc, misi an TIĠEARNA foillseoċad mé féin do a ḃfis, agus laiḃeora mé ris a naislíng.
Agus ar na ḟaicsin sin do Ṗeadar, do ḟreagair sé don ṗobal; A ḟeara Israél, créd fá ḃfuil iongnaḋ aguiḃ ann so? nó créd fá ḃfuiltí ag sírḟéaċuin oruinne, aṁuil as gur tré ar gcúṁaċdaiḃ féin nó tré ar náoṁṫaċd do ṫugamar air an ḃfearso siúḃal?
Aċd tré ġrás Dé atáim mar atáim: agus ní raiḃ a ġrásasan do tioḋlaiceaḋ ḋaṁ gan ḃríġ; óir is mó an saoṫar do rinne mé ná iadsan uile: bioḋ naċ misi fós, aċd grás Dé maile riom.
Beanuid na neiṫe secréideaċa re ar TTIĠEARNA Día: aċd na neiṫe atá ar na ḃfoillsiuġaḋ is rinne ḃeanuid síad agus ré ar gcloinn gó síorruiḋe, ċor go ndéanmaóis bríaṫra an dliġesi uile.