15 Agus a duḃairt Ṗárao re Ióseṗ, Do ċonnairc mé aisling, agus ní ḃfuil neaċ ḟéadus a heidirṁíniuġaḋ: agus do ċúala me teaċd ortsa, go ttuigeann tu aisling ċum a heidirṁíniġe.
Agus a duḃradursan ris, Do ċoncamar aislinge, agus ní ḃfuil fear a ccialluiġe aguinn. Agus a duḃairt Jóseṗ riú, Naċ ré Día ḃeanas cialluġaḋ? guiḋim siḃ, innisiḋ ḋaṁsa íad.
Agus tárla air maidin go raiḃ a spiorad buaiḋearṫa; agus do ċuir fios, agus do ġoir ar ḋráoiṫiḃ na Hégipte uile, agus ar a ḋaóiniḃ críonna: agus do innis Ṗárao a aisling ḋóiḃ; aċ níor fríṫ áonduine do inneosaḋ a ccíall do Ṗárao.
Do ċonnairc misi Nebuċadnessar ríġ a naislingse. Anois ṫusa, a Ḃeltesassar, foillsiġ a cíall, mar naċ ḃfeaduid uile ḋaóine glioca mo rioġaċda a cíall dfoillsiuġaḋ: aċt féaduiġ tusa é; óir atá spiorad na ndée náoṁṫa ionnad.
O a Ḃeltesassar a ṁaiġistir na ndrúaġ, do ḃríġ go ḃfuil a ḟios agam spiorad na ndée náoṁṫa do ḃeiṫ ionnad, agus naċ buáiḋreann secréid ar bioṫ ṫú, innis daṁsa fise maislinge do ċonnairc mé, agus a cíall.
Do ḃríġ gur fríṫ spiorad oirḋeirc, agus éolus, agus tuigsi, cialluġaḋ aislingṫeaḋ, agus taisbeanaḋ cceastanna ccruáiḋ, agus fúasclaḋ cuntaḃart annsa Dániel sin, dá ngoireaḋ an ríġ Beltesassar: a nois goirṫear Dániel, agus foillseoċuiḋ sé an ċíall.
Agus do ċúala mé dot ṫaoiḃsi, go ḃféudann tú cíalluġaḋ, agus fúasclaḋ ceastann: a nois má ḟéadann tú an scríḃinnsi do léaġaḋ, agus a cíall dinnisin daṁsa, éideoċar lé scáirléad ṫú, agus biáiḋ slaḃraḋ óir fád ḃráġaid, agus biáiḋ tú ad ṫreas úaċdarán annsa rioġaċt.