Agus do ċonnairc aisling, agus féuċ dréimre ar na ċur súas ar an talaṁ, agus ráinic a ḃárr go flaiṫeaṁnus: agus féuċ, aingil Dé ag dul suas agus ag teaċd a nṡúas ann.
Agus do ċoncadur aráon aisling, gaċ áon aca a aisling féin a néanoiḋċe, gaċ neaċ aca do réir ḟriotail a aislinge; buitleir agús báicér riġ na Hégipte, noċ do ḃí ceanguilte san ṗríusún.
Agus tiucfá a gcriċ, muna ccreidid siad céaċtar don dá ċoṁarṫasa, agus naċ éisdfid red ġuṫsa, go nglacfa tú duisge na haḃann, agus go ndóirtfe tú é ar an ttalaṁ tirim: agus an túisge ḃéuras tú as a naḃuinn go mbía na ḟuil ar an dtalaṁ tirim.
Laḃair, agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, atáimsi ad aġaiḋ, a Ṗarao a ríġ na Hégipte, an dragún mór luiġios a lár a aiḃneaḋ, noċ a duḃairt, Is liom féin mo ṡruṫ, agus do rinne mé ḋaṁ féin é.
Agus biáiḋ críoċ na Hégipte áonránaċ agus bán; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA: do ḃríġ go nduḃairt sé, Is liomsa a naḃuinn, agus is mé do rinne é.
Agus ar suiḋe ḋósan an a ccaiṫír ḃreiṫeaṁnuis, do ċuir a ḃean teaċduireaċd ċuige, ag ráḋ, Ná bioḋ búain agad ris an ḃfiréun úd: óir is mór do ḟuiling misi a níuġ a mbrionglóid ar a ṡon.
¶ Oír an fearann, a ḃfuil tú ag dul dá ṡealḃuġaḋ, ní mar ċríċ na Hégipte atá sé, ó ttangaḃairsi amaċ, mar ar ċuir tú do ṡíol, agus ar ḟliuċ tú é léud ċois, mar ġáirdín luiḃionn: