8 Agus a duḃradursan ris, Do ċoncamar aislinge, agus ní ḃfuil fear a ccialluiġe aguinn. Agus a duḃairt Jóseṗ riú, Naċ ré Día ḃeanas cialluġaḋ? guiḋim siḃ, innisiḋ ḋaṁsa íad.
Agus a núair a déaruid síad riḃsi, Iarruiḋ ar an ṁuinntir agá mbíd spioruid ṁuinntearḋa, agus ar ḟáistineaċaiḃ ṗiobas, agus ċannranus: naċ ar ċóir do ḋaóiniḃ íarruiḋ ar a Ndía féin? na mairḃ ar son na mbéo?
Do ḟreagair Dániel a ḃfiaġnuise an ríġ, agus a duḃairt, An tseicréid noċ dfiafruiġ an ríġ ní ḟéaduid na draóiṫe, na daóine glioca, na hastroluiġṫe, agus na fáisdiniġ, a hinnisin don ríġ:
Aċt ata Día ar neaṁ ḟoillsiġeas secréide, agus do ḃeir a ḟios do Nebuċadnessar an ríġ cred ḃías annsna láeṫiḃ deiġionaċa. Isíad so haislingṫe, agus fise do ċinn air do leabuiḋ;
Do ḟregair an ríġ do Ḋániel, agus a duḃairt, Is dearḃ, gur Día na ndée ḃur Ndíasa, agus Tiġearna ar ríoġuiḃ, agus foillsiṫeaċ secréideaḋ, ó dfeud tusa an tseicréidse dfoillsiuġaḋ.
¶ Aċt fa ḋeireaḋ ṫáinic Dániel a steaċ dom laṫair, (dar bainm Beltesassar, do réir anma mo ḋe, agus iona ḃfuil spiorad na ndée náoṁṫa:) agus dinnis mé a naisling da laṫair, ag ráḋ,
Agus do ċúala mé dot ṫaoiḃsi, go ḃféudann tú cíalluġaḋ, agus fúasclaḋ ceastann: a nois má ḟéadann tú an scríḃinnsi do léaġaḋ, agus a cíall dinnisin daṁsa, éideoċar lé scáirléad ṫú, agus biáiḋ slaḃraḋ óir fád ḃráġaid, agus biáiḋ tú ad ṫreas úaċdarán annsa rioġaċt.