Agus a duḃradursan ris, Do ċoncamar aislinge, agus ní ḃfuil fear a ccialluiġe aguinn. Agus a duḃairt Jóseṗ riú, Naċ ré Día ḃeanas cialluġaḋ? guiḋim siḃ, innisiḋ ḋaṁsa íad.
An fáiġ agá mbí aisling, inniseaḋ aisling; agus an té agá ḃfuil mfocalsa, laḃraḋ sé mo ḃríaṫar go fírinneaċ. Cred é buáin na cáṫa ris an ccruiṫneaċt? a deir an TIĠEARNA.
Aċt ar mo ṡonsa, ní ḋaṁsa do foillisiġeaḋ an tseicréidsi ar son gliocuis ar biṫ dá raiḃ ionnam ní is mó ná áonduine béo, aċt air son na druinge ḟoillseoċus an ċiall don ríġ, agus ċor go mbía fios smuáineaḋ do ċroiḋe féin agadsa.
Do ḃríġ gur fríṫ spiorad oirḋeirc, agus éolus, agus tuigsi, cialluġaḋ aislingṫeaḋ, agus taisbeanaḋ cceastanna ccruáiḋ, agus fúasclaḋ cuntaḃart annsa Dániel sin, dá ngoireaḋ an ríġ Beltesassar: a nois goirṫear Dániel, agus foillseoċuiḋ sé an ċíall.