Giḋeaḋ fáoi ċionn trí lá fós toigeóḃuiḋ Ṗárao do ċeann súas, agus cuirfiḋ ad áit féin ṫú: agus so ḃéura tú Cupán Ṗárao na láiṁ, do nós an ċéd ṁóḋa a nuáir do ḃí tú ad ḃuitléir aige.
Agus tárla an treas lá, noċ ba lá bearṫa Ṗárao, go ndearna sé féusta dá ṡeirḃíseaċuiḃ uile: agus gur ṫóg súas ceann a nárdḃuitleir agus a nardḃáiceir ameasc a ṡerḃíseaċ.
¶ Agus do ġlac Rispah inġean Aiah saicéadaċ, agus do leaṫnuiġ ḋi féin é ar an gcarruic, ó ṫosaċ an nfóġṁair nó gur ṡil uisge orra ó neaṁ, agus níor ḟuiling deanlaiṫ an naiéir ttuirling orra sa ló, nó daínṁintiḃ an ṁaċaire san noiḋċe.
Tugṫar móirṡeisior dá ṁacaiḃ ḋúinn agus croċfam súas íad don TIĠEARNA a Ngibeah Ṡauil, noċ do ṫoġ an TIĠEARNA. Agus a duḃairt an ríġ, Do ḃéara mé ḋiḃ íad.
Tuitfiḋ tú ar ṡléiḃtiḃ Israel, ṫú féin, agus do ḃannaḋa uile, agus na daóine atá leat: do ḃéara mé déunuiḃ cíocraċa do nuile ṡórt, agus do ḃeaṫaċaiḃ an ṁaċaire dot ṡlugaḋ ṫú.
Agus do ċroċ sé riġ Aí ré crann go tráṫnóna: agus ar ball a ndeaċuiḋ an ġrían faói, do ḟúagair Iosua a ċorp do leagaḋ a nuas don ċrann, agus a ṫeilgion a ndul a steaċ ġeata na caiṫreaċ, agus da ṫógḃadár cárn mór ós a ċionn, noċ ṁairios gus a niuġ.
A muġ ḃéaras an TIĠEARNA ṫusa am láiṁsi; agus buáilfiḋ mé ṫú, agus beanfaiḋ mé do ċeann díot: agus do ḃéara me anúiġ conablaċa ṡluáiġ na Ḃṗilistineaċ déanlaiṫiḃ a naieir, agus do ḃeaṫaċaiḃ allta an ṁaċaire; ċor go mbía a ḟios ag an doṁan uile go ḃfuil Dia a Nisrael.