Giḋeaḋ fáoi ċionn trí lá fós toigeóḃuiḋ Ṗárao do ċeann súas, agus cuirfiḋ ad áit féin ṫú: agus so ḃéura tú Cupán Ṗárao na láiṁ, do nós an ċéd ṁóḋa a nuáir do ḃí tú ad ḃuitléir aige.
Aċt foillsiġ muinntearḋus do ṁacaiḃ Barsiliai an Gileaditeaċ, agus bídis don droing iósas ar do ḃórd: óir is marsin ṫangadar ċugamsa a nuáir do ṫeiṫ mé roiṁe Absolon do ḋearḃraṫair.
Annois ar a naḋḃarsin guiḋim siḃ, tugaiḋ ḃur mionna ḋaṁsa fan TTIĠEARNA, ó ṫaisbéan mé cinéul dáoiḃ, go ttaisbéantáoisi mar sin cinéul do ṫiġ maṫarsa, agus coṁarṫa fíre do ṫaḃairt daṁ:
Naċ mbiáiḋ so na ḋoilġios duitsi, nó na ċoir ṁeanman dom ṫiġearna, gur ḋóirt tú fuil gan aḋḃar, nó gur ḋíoġuil mo ṫiġearna é féin: aċd a núair do ġeaḃṫar an TIĠEARNA go maiṫ ar mo ṫiġearna, ann sin cuiṁniġ do ḃanóglaċ.