Giḋeaḋ fáoi ċionn trí lá fós toigeóḃuiḋ Ṗárao do ċeann súas, agus cuirfiḋ ad áit féin ṫú: agus so ḃéura tú Cupán Ṗárao na láiṁ, do nós an ċéd ṁóḋa a nuáir do ḃí tú ad ḃuitléir aige.
Agus do ḃí ionar ḃfoċair annsin óganaċ, Eaḃruiḋeaċ, serḃíseaċ ċaíptin an ġárda; agus do innisiomar ḋó, agus do ḟoillsiġ cíall ar naislinġiḋ ḋúinn, do gaċ áon aguinn do réir a aislinge deadarṁiniġe se.
Do ċonnairc misi Nebuċadnessar ríġ a naislingse. Anois ṫusa, a Ḃeltesassar, foillsiġ a cíall, mar naċ ḃfeaduid uile ḋaóine glioca mo rioġaċda a cíall dfoillsiuġaḋ: aċt féaduiġ tusa é; óir atá spiorad na ndée náoṁṫa ionnad.
Agus ar mbeiṫ ag iṫe bíḋ ḋóiḃ, do ġlac Iósa arán, agus tar éis a ḃeannuiġṫi, do ḃris, agus tug sé ḋá ḋéisciobluiḃ é, agus a duḃairt sé, Glacuiḋ, iṫiḋ; a sé so mo ċorpsa.
Agus do ḟreagair a ċompánaċ é, agus a duḃairt, Ni ní ar biṫ oile so aċ cloiḋioṁ Ġideon ṁic Ióas, duine do Israel: óir ṫug Día Mídian iona láiṁ, agus an slúaġ uile.