8 Agus do ċoṁráiġ Cáin ré na ḋearḃraṫair Abel; agus tarla ann, a nuair do ḃádar ar an maċaire, gur éiriġ Cáin súas a naġuiḋ Abel a ḋearḃraṫar, agus gur ṁarḃ é.
Agus do ḃí días mac ag do ḃanóglaiċ, agus do ṫroideadar aráon re ċeile annsa maċaire, aċ ní raíḃ éinneaċ do ḋéanaṁ éadarsgán, agus do ḃúail fear aca an fear oile, agus do ṁarḃ sé é.
Agus a núair dfill Abner go Hébron, rug Ióab leis do leaṫtaoiḃ é annsa ġeata do laḃairt go síoṫċánta ris, agus do ḃuáil sé ann sin é fáoi an gcúigeaḋ easna, go ḃfúair sé bás, ar son fola a ḋearḃráṫar Asahel.
Anois a núair do ḃí Iehoram ar néirġe súas a ríoġaċt a aṫar, do ḋaingniḋ sé é féin, agus do ṁarḃ sé a ḋearḃráiṫreaċ uile leis an ccloiḋeaṁ, agus fós mórán do ṗrionnsaḋuiḃ Israel.
Oír easónoruiġ an mac an taṫair: éirġiḋ a ninġean súas a naġaiḋ a maṫar, bean an ṁic a naġaiḋ a bainċleaṁna; agus a síad naiṁde duine luċt a ṫiġe féin.
Do ċum go dtiocfaḋ oruiḃ gaċ uile ḟuil ḟiréanta dar dóirteaḋ ar an dtalaṁ, ó ḟuil Abél ḟíréanta go fuil Ṡaċarías ṁic Baraċías, noċ do ṁarḃaḃairsi eidir an teampoll agus a naltóir.
As tré ċreideaṁ do ḟoráil Abel do Ḋía ioḋbairt ní as féarr ná Cáin, tré a ndéarnaḋ fíaḋnuise ḋó go raiḃ sé na ḟíréun, ar mbeiṫ do Ḋía ag déunaṁ fíaḋnuise ḋá ṫioḋlaiciḃ: agus trés an gcreideaṁsin ar ḃfaġáil ḃáis dó láḃruiḋ sé fós.
Buḋ hanáoiḃinn dóiḃ! óir do leanadar lorg Ċáin, agus do ċúadar amúġa tré ṁéalltóireaċd ṫúarasduil Ḃálaaim, agus do sgriosaḋ iad tré ḃeiṫ ḋóiḃ coṁċonntrarḋa re Córe.