Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 4:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Má ní tú go maiṫ, naċ nglacfuiġṫear ṫú? agus muna ndéarna tú go maiṫ, atá an péacaḋ na luiġe ag an dorus, agus biáiḋ a ḟonn ċugadsa, agus riaġloċuiḋ tú ós a ċionn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 4:7
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt sesion ris, Feuċ, do ġaḃ me haṫċuinġiḋ ċugam attáoiḃ an neiṫesi mar an cceudna, naċ millfe mé an ċaṫairse, air son ar laḃair tú.


A duḃairt sé ris an mnáoi, Méideóċa mé go mór do ḋoilġios agus do ṫoirrċiuġaḋ; a ndoilġeas ḃeuras tú clann: agus dot ḟior ḃias ṫfonn, agus do ḋéuna sé uaċtarántaċd ort.


Ṫug Araunah, mar ríġ na neiṫesi uile don ríġ. Agus a duḃairt Araunah ris an ríġ, Go nglacaiḋ do ṪIĠEARNA Día ċuige ṫú.


¶ Agus do ċuáiḋ sé le Ióram mac Ahab ċum cogáiḋ a naġaiḋ Hasael ríġ na Síria a Ramot‐gílead; agus do loiteadar na Sírianuiġ Ióram.


Má ḃíonn éaicceart an do láiṁ, cuir a ḃfad uáit é, agus ná fuluing olc do ċoṁnuiḋe ann do ṫabernacluiḃ.


Oír annsin tóigfe tú do ċeann súas gan toiḃéim; bíaiḋ tú fós, daingion, agus ní ḃiáiḋ eagla ort:


Mar do ḃí mé a láeṫiḃ móige, a nuáir do ḃí secréid Dé ar mo ṗáilliún;


Uimesin glacuiḋ ċugaiḃ anois seaċd mbulóga agus seaċd reiṫe, agus éirġiḋ a cceann mo ṡearḃḟoġantuiġ Iób, agus ofraluiḋ súas ar ḃur son féin íoḋbuirt loisge; agus gúiḋfiḋ mo ṡearḃḟoġantuiġ Iób ar ḃur son: óir glacfuiġ misi leis: deagla go ndéanuinn riḃ do réir ḃur leiṁe, do ċionn nar laḃraḃair orum an ní is ceart, mar mo ṡearḃḟoġantuiġ Iób.


Ní maiṫ gaḃáil re pearsuinn an droċḋuine, do ṫeilgion a nionnruic a mbreiṫeaṁnus.


Is aḋfliúaṫṁaireaċt íoḋbairt an ċiontuiġ: ga ṁéad ní is mo ná sin, a nuáir do ḃeir leis í lé droiċintinn?


¶ Eíriġ, agus fúagair na bríaṫraso leaṫ ris an ttaoiḃ ṫuáiġ, agus abair, Fill, a Israel ṁíoċoinġiollaċ, a deir an TIĠEARNA; agus ní ṫiuḃra misi ar mfeirg tuitim ort: óir a atáim trócaireaċ, a deir an TIĠEARNA, agus ní ċoinneoċa mé fearg go síoṫḃuan.


Cred an fáṫ as a ttiucfaḋ túis ċugamsa ó Ṡeba, agus giolcaċ milis ó ṫír imċéin? ní taitneaṁaċ ḃur nofrála loisge, ní mó atáid ḃur níoḋbarṫa milis daṁsa.


¶ Cía an Día atá cosṁuil riotsa, ṁaiṫeas éigceart, agus léigios ṫairis sáruġaḋ íarsma a oiġreaċda? ná ċongṁann sé a ḟearg ċoiḋċe, do ḃríġ go ndúiliġionn sé a ttrócaire.


Cia atá ḃur measc do ḋruidfeaḋ na doirsi? agus naċ lastaói teine air maltóirse gan aḋḃar. Ní ḃfuil taitneaṁ ar bioṫ agum ionnuiḃ, a deir TIĠEARNA na slóġ, ní mó ġéaḃus mé ofráil as ḃur láiṁ.


A duḃraḃair fós, Féuċ, an sáoṫar! agus do ṡéideaḃair uáiḃ é, a deir TIĠEARNA na slóġ; agus ṫugaḃair liḃ an ní do ḃí réubṫa, agus an teaslán, agus an bacaċ; marso ṫugaḃair ofráil liḃ: an ngéaḃuinnsi so as ḃur lámbuiḃ? a deir an TIĠEARNA.


Agus má otralṫaói an ní dall mar íoḋbairt, a né naċ olc sin? agus má ofralṫáoi ní bacaċ no easlán, a né naċ olc sin? ofrál a nois é dot uáċtarán; an mbiáiḋ sé réiḋ riot, nó an nglacfa sé do ṗearsa? a deir TIĠEARNA na slóġ.


Aċd muna ndeárnṫáoi so, féaċuiḋ, do ṗéacuiġeaḃair a naġaiḋ an TIĠEARNA: agus bíoḋ a ḋearḃ aguiḃ go ḃfuiġiḋ ḃur bpéacuiḋ amaċ siḃ.


Aċd am gaċ uile ċineaḋ gaḃuiḋ sé ris an tí, air ambí a eagla agus do ní ceart.


Ar a naḋḃarsin sirim daṫċuinge oraiḃ, a ḋearḃraiṫreaċa, tré trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫaḃairt na ḃéo-ioḋbairt, náoṁṫa, geanaṁail do Ḋía, ḃur seirḃís réusúnta.


Oír giḋ bé ar biṫ do ní seirḃís do Ċríosd ann sna neiṫiḃsi atá gean ag Día air, agus is dearḃṫa re dáoiniḃ é.


Ionnus go mbéinn am óglaċ ag Iósa Críosd a measg na Gcineaḋaċ, ag miniosdralaċd soisgéil Dé, do ċum go mbeiṫ gean ar ofrail na Gcineaḋaċ, ar mbeiṫ ḋi náoṁṫa trés an Spiorad Náoṁ.


Ar a naḋḃarsin na bioḋ rioġaċd ag an bpeacaḋ ion ḃur gcorp sóṁarḃṫa, ionnus go dtiuḃraḋ siḃ úṁlaċd dó ann ainṁianaiḃ.


An é naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ, giḋ bé ḋá dtaḃarṫaói siḃ féin mar ṡeirḃíseaċuiḃ ċum úṁlaċda, gur seirḃísiġ siḃ don tí sá núṁlaiġṫí; mas do ṗeacaḋ ċum báis, no dúṁlaċd ċum firéantaċda?


Ċum molta glóire a ġrás, tré a ndéarna sé sinne grásaṁuil an a Ṁac ġráḋaċ.


Giḋeaḋ má tá baintreaḃaċ ar biṫ agá ḃfuil clann no clan ċloinne, déunuidís fóġluim ar tús ar íad féin ṫaisbéunaḋ go díaġa ann a dtíġṫiḃ féin, agus ar ṁálairt do ṫáḃairt dá dtuismiġṫeóiriḃ: óir ís ní maiṫ geanaṁuil so a ḃfíaḋnuisi Dé.


As tré ċreideaṁ do ḟoráil Abel do Ḋía ioḋbairt ní as féarr ná Cáin, tré a ndéarnaḋ fíaḋnuise ḋó go raiḃ sé na ḟíréun, ar mbeiṫ do Ḋía ag déunaṁ fíaḋnuise ḋá ṫioḋlaiciḃ: agus trés an gcreideaṁsin ar ḃfaġáil ḃáis dó láḃruiḋ sé fós.


Na ḋiáiġ sin ar ngaḃáíl toirrċeasa ċuige don nainṁían, beiriḋ sé peacaḋ: agus an tan, críoċnuiġṫear an peacaḋ, beiriḋ sé bás.


Agus bíġiḋse mar ḃéoċloċaiḃ, tógṫa súas ḃur dtiġ spioradálta, ḃur sagartaċd náoṁṫa, ċum íoḋbarṫaḋ spioradálta dforáil, ar a mbiáiḋ gean ag Día tré Iósa Críosd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ