Má ní tú go maiṫ, naċ nglacfuiġṫear ṫú? agus muna ndéarna tú go maiṫ, atá an péacaḋ na luiġe ag an dorus, agus biáiḋ a ḟonn ċugadsa, agus riaġloċuiḋ tú ós a ċionn.
Tigiḋ anois, agus déanum réusún re ċéile: a deir an TIĠEARNA: mátá go ḃfuilid ḃur bpeacaiḋe aṁuil scáirléad, béiḋ síad coiṁġeal ré sneaċda; mátá go ḃfuilid dearg mar ċrimson, béiḋ síad aṁuil olann.
O a ġinealaċ, féuċ focal an TIĠEARNA. An raiḃ misi am ḟásaċ do Israel? am ḟearann dorċaduis? cred as a nabruid mo ṗobal, Is tiġearnaḋa sinne; ní ṫiucfam ní sa mó ad ċoinne?
Marso a deir an TIĠEARNA, Cred an téagceart fúaradar ḃur naiṫre ionnamsa, as ar imṫiġeadar a ḃfad úaim, agus ar ṡiúḃladar ar lorg díoṁaóinis, agus as a ndéarnaḋ dioṁaoin íad?
Agus a duḃairt Día ré Ionah, An maiṫ do ní tusa fearg do ḃeiṫ ort mun scáṫ? Agus a duḃairt seision, Is maiṫ do ním ḃeiṫ feargaċ, eaḋon go nuige an mbás.