Agus goiriḋsi ar ainm ḃur ndeé féin, agus goirfiḋ misi ar ainm an TIĠEARNA: agus an Día ḟreagorus re teine, bíoḋ sé na Ḋía. Agus do ḟreagair an pobal uile agus a duḃradar, Is maiṫ do laḃair tú.
Ann sin do ṫuit teine an TIĠEARNA, agus do ḋóiṫ sí an nofráil loisge, agus an cunnaḋ, agus na cloċa, agus an luaiṫreaḋ, agus do liġ súas an tuisge do ḃí san treinse.
Agus do rinne Dáiḃi altóir ann sin don TIĠEARNA, agus dofráil sé foḋburṫa loisge agus ofrála síoṫċána, agus do ġoir air an TTIĠEARNA; agus do ḟreagair sé ó ḟlaiṫeaṁnus é maille re teine air altóir na híoḋbarṫa loisge.
Anois an tan do ċríoċnuiġ Solaṁ a ġuiḋe, ṫáinic an teine a núas ó neaṁ, agus do ḋóiṫ sí a nófráil loisge agus na híoḋbarṫa; agus do líon glóir an TIĠEARNA an tiġ.
Go ccuirfe tú ar leiṫ don TIĠEARNA a nuile ġein osclus an ḃrú, agus a nuile ċéadṫuismeaḋ ṫig ó ḃeaṫaċ noċ is leaċtsa; na firionnuiġ is leis anTTIĠEARNA.
¶ Do ṁeas mé a rís, gaċ uile ṡáoṫar, agus gaċ uile obair ċeart, gurab air a ṡonso ṫnúṫuiġios duine re na ċoṁarsain. Is díoṁaóineas so fós agus buáiḋreaḋ spioraide.
Agus táinic teine amaċ ó ḟíaḋnuisi an TIĠEARNA, agus do ḋíoḃáiḋ ar a naltóir a nofráil loiscṫe agus an ġeir: noċ a nuáir do ċonairc an pobal, do ġáireadar, agus do ṫuiteadar ar a naġaiḋ.
Agus do ḃí Máoise roḟeargaċ, agus a dúḃairt ris an TIĠEARNA, Ná taḃairsi meas ar a nofráil so: nícr ḃean misi éanassal áṁáin díoḃ, agus ní mó do ġortuiġ mé áon aca.
A nuile ċuid is fearr do nola agus a nuile ċuid is fearr don nfíon, agus don ċruiṫneaċd, a gcéadṫoraḋ sin noċ ofráiltid don TIĠEARNA, ṫug mé íad sin duitsi.
Aċd céadláoġ bó, nó céadúan cáoraċ, no céadṁeannan gaḃair, ní ḟuáisceola tú; atáid sin náoṁṫa: croiṫfe tú a ḃfuil ar a naltóir, agus loisgfe tú a méaṫas mar ofráil déanta lé teiniḋ, mar ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA.
As tré ċreideaṁ do ḟoráil Abel do Ḋía ioḋbairt ní as féarr ná Cáin, tré a ndéarnaḋ fíaḋnuise ḋó go raiḃ sé na ḟíréun, ar mbeiṫ do Ḋía ag déunaṁ fíaḋnuise ḋá ṫioḋlaiciḃ: agus trés an gcreideaṁsin ar ḃfaġáil ḃáis dó láḃruiḋ sé fós.
Uime sin do ḃéuruiḋ na huile ḋaóine áitreaḃas an talaṁ onóir ḋó, an luċd naċ ḃfuilid a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar ḃeaṫa a Nuáin do marḃaḋ ó ṫosaċ an doṁain.
Agus annsin do ċuir aingeal an TIĠEARNA ceann an ḃata do ḃí na láiṁ amaċ, agus do ḃean ris an ḃféoil agus na haránuiḃ gan loiḃín; agus do éiriġ teiniḋ súas as an gcarruig, agus do loisg a nfeóil agus na bairġiona gan loiḃin. Annsin dimṫiġ aingeal an TIĠEARNA as a aṁarc.
Agus a duḃairt Samuel, An ḃfuil oirid dúile ag an TTIĠEARNA a nofráluíḃ loisge agus a níoḋbarṫaiḃ, mar atá aige a nuṁla do ġlór an TIĠEARNA? Féuċ, Is féarr uṁluġaḋ ná íoḋbairt, agus éisdeaċd ná méaṫas reiṫeaḋ.