Agus do aṫruiġ sé as sin go slíaḃ táoḃ ṡoir do Ḃétel, agus do ṡuiḋiġ a ṗailliún, ar mḃeiṫ do Ḃetel don táoḃ ṡíar ḋe, agus Hái don táoiḃ ṡoir: agus do rinne altóir annsin don TIĠEARNA; agus do ġoir ar ainm an TIĠEARNA.
Agus goiriḋsi ar ainm ḃur ndeé féin, agus goirfiḋ misi ar ainm an TIĠEARNA: agus an Día ḟreagorus re teine, bíoḋ sé na Ḋía. Agus do ḟreagair an pobal uile agus a duḃradar, Is maiṫ do laḃair tú.
A déara áon, Leis an TTIĠEARNA misi; agus goirfiḋ duine oile é féin a nainm Iácob; agus scríobṫuiḋ duine oile lé na láiṁ don TIĠEARNA, agus sloinnfiḋ é féin lé hainm Israel.
Cluiniḋ so, a ṫiġ Iácob, noċ ġoirṫear a nainm Israel, agus ṫáinic amaċ as uisgeaḋuiḃ Iúdah, noċ ṁionnuiġios a nainm an TIĠEARNA, agus ṫig tar Día Israel, aċd ní a bfírinne nó a ḃfíreantaċd.
Agus tiucfa a ccríċ, giḋ bé ar bioṫ ġoírfios air ainm an TIĠEARNA go sáorfuiġear é: óir a slíaḃ Sion agus ann Ierusalem biáiḋ sáoraḋ, mar a deir an TIĠEARNA, agus annsa ḃfuiġilleaċ noċ ġoirfios an TIĠEARNA.
Agus ar na ḟaġail do, rug sé ris é go Hantíoċia. Agus tárlá, go raḃadar ag gnáṫuġaḋ a ċeil feaḋ blíaḋna sa neagluís, agus gur teaguisgeaḋ léo iomad do ḋaoiniḃ, ionnus gur ab a Nantíoċia do goireaḋ ar tus Críosduiġṫe do na deiscioblaiḃ.
Ċum eagluise Dé atá a Gcorintus, ċum na druinge atá ar na náoṁaḋ a Niósa Criosd, náoiṁ do réir ġarma, maille ris na húile ḋáoiniḃ ġoireas ann gaċ éaináit air ainm ar Dtiġearna Iosa Críosd, noċ as Tiġearna ḋoiḃsean agus ḋúinne: